Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: crow · crown · chord · clord · cod
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh crowd »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
crowd1, s. 1 Slua f, plód m. It might pass in a crowd, níl sé thar mholadh beirte. 2 An draoi, an t-uafás, neart m, greadadh m (rudaí). 2 a Conlán m, dream m, drong f -a (daoine). Pej: I don't belong to that crowd, ní duine den ghráscar sin mé. b Th: Cin: The crowd, an slua. 4 Nau: Under a crowd of sail, faoi iomlán éadaigh.
crowd2 . 1 v.tr. a Brúim (daoine, etc.) ar a chéile. We are too crowded here, tá muid róbhruite anseo. b Líonaim, sacaim, dingim. Room crowded with furniture, seomra a bheadh pulctha le troscán. The hall was crowded with people, bhí an halla lán go doras. The streets were crowded, bhí na sráideanna plódaithe. Th: Crowded house, teach lán. Crowded profession, gairm gan slí do thuilleadh inti. Streets crowded with traffic, sráideanna plódaithe le trácht. c To crowd a competitor, bailiú timpeall ar iomaitheoir lena chur as a bhuille. To crowd s.o. off the pavement, duine a bhrú den chosán. d Nau: To crowd (on) sail, iomlán éadaigh a chrochadh. 2 v.i. a To crowd (together), cruinniú, bailiú, le chéile. At the sight of my old home memories crowded on me, ar amharc an tseanbhaile dhom líon go leor seanchuimhní i mo cheann. b Nau: Deifríonn; (of sailing ship) imíonn faoi lán seoil.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To address the crowd, labhairt leis an slua.
The attendant crowd, an slua a bhí i láthair ann.
He attracted the attention of the crowd, tharraing sé umhail na ndaoine air féin.
(Press) We were borne backwards by the crowd, scuabadh ar gcúl sinn leis an slua.
(Of pers.) To bore (his way) through the crowd, a bhealach a roiseadh tríd an slua.
The crowd cleared, bhánaigh an slua.
To crush one's way through the crowd, bealach a bhrú tríd an slua.
The crowd on the pavement was twelve deep, bhí dhá dhuine dhéag ar leithead sa slua a bhí ar an gcosán.
Dense crowd, brú mór daoine.
Densely crowded streets, sráideanna plúchta le daoine.
The crowd dispersed, bhánaigh an slua.
The crowd drew to one side, dhruid an slua i leataobh.
He was elbowing his way through the crowd, bhí sé ag guailleáil leis tríd an slua.
He appealed to the emotions of the crowd, tharraing sé croí an tslua.
An enormous crowd, slua an domhain.
To pick s.o. out from the crowd, duine a aithint sa slua, thar an gcuid eile.
He came forth from amongst the crowd, tháinig sé amach as measc an tslua.
A cry went up from the crowd, chuir an slua béic astu.
A great crowd, ardslua m.
The crowd is growing, tá an slua ag dul i méid; tá an slua ag iomadú.
In the crowd, i measc an tslua.
To jostle against s.o. in the crowd, bualadh faoi dhuine sa slua.
To keep order in a crowd, riail a choinneáil ar shlua.
The crowd was keyed up for the match, bhí díbhirce ar an slua ag feitheamh leis an gcluiche.
Large crowd, slua líonmhar.
To lose oneself, to be lost, in the crowd, dul amú sa slua; dul as radharc i measc an tslua.
His atone marked him out from the crowd, bhí sé le haithint, le tabhairt faoi deara, thar an slua ar a chuid éadaigh.
The crowd melted away, bhánaigh an slua.
In the midst of the crowd, i measc an tslua.
To mix with the crowd, dul imeasc an tslua.
Motley crowd, scata daoine de gach cineál.
To throw the crowd into a panic, scaoll a chur sa slua; an slua a líonrú.
The crowd parted, rinne an slua dhá leath.
To pick s.o. out from the crowd, duine a aithint as measc an chruinnithe.
To push (one's way) through the crowd, do bhealach a ghearradh tríd an slua.
There was a crowd round the church, bhí slua timpeall na heaglaise.
A whisper ran through the crowd, chuaigh an cogar ó dhuine go duine.
To scan the crowd, amharc thart ar an slua.
The crowd scattered, scaip an slua.
He was shouldering his way through the crowd, bhí sé ag guailleáil leis tríd an slua.
To shove (your way) through the crowd, brú tríd an slua.
He was squeezed to death in the crowd, maraíodh sa bhrúdán é.
The crowd was streaming in, bhí na daoine ag teacht isteach ina dtuilte.
The crowd surged along the street, bhrúcht an slua feadh na sráide.
To swell the crowd, an slua a mhéadú.
Teeming crowd, (an) dúlíonach m (daoine).
To thread one's way through the crowd, do bhealach a dhéanamh tríd an slua.
He thrust his way through the crowd, bhrúigh sé a shlí tríd an slua.
There was a tremendous crowd there, bhí an saol braonach ann.
For: Crowded wood, coill dhlúth, thiubh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht