TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fate, s. Cinniúint f -úna; dán m. Myth: The Fates, na Fáithe fpl, bandéithe fpl na cinniúna. To leave s.o. to his fate, duine a fhágáil i muinín na cinniúna. He met his fate in 1915, tháinig an bás air sa bhliain 1915.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The fate that awaits him, an rud atá faoina choinne.
I deplore his fate, is trua liom a chás.
They disposed of his fate, shocraigh siad céard a bhí le déanamh leis.
The place where he was fated to die, fód a bháis.
It is fated that I should remain here, tá sé i ndán dom, de chrann orm, fanacht anseo.
The enemy closed upon the fated city, thimpeallaigh an namhaid an chathair a raibh an tubaiste i ndán di.
If fate goes against us, má thagann an saol salach orainn.
My fate is in your hands, tá mo leas agus m'aimhleas ag brath ort.
My fate is in your hands, tá mo chinniúint ar do lámha.
To rail at fate, bheith ag ceasacht ar an gcinniúint.
F: His fate is sealed, tá a chosa nite; tá a ainm sa leabhar.
As sure as death, as fate, chomh siúráilte le héirí gréine amárach.
Unkind fate, dúchinniúint f, cinniúint chadránta.
His friend's fate was uppermost in his thoughts, cinniúint a chomrádaí ba mhó a bhí ag déanamh imní dó.
Fate weighs heavily on us, is trom lámh na cinniúna orainn.
I shall go whither fate leads me, rachaidh mé cibé bealach a dtabharfaidh an chinniúint mé.
Fate willed (it) that he should die, ba é an bás a bhí i ndán dó.