Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: finder · minger · fainge · fige · figear
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh finger »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
finger1, s. 1 Méar f (láimhe). First finger, corrmhéar. Middle finger, second finger, méar mheáin, méar láir. Third finger, ring finger, méar an fháinne, mac an aba. Little finger, lúidín m, laidhricín m. F: I forbid you to lay a finger on him, crosaim ort barr méire a leagan air. To lay, put, one's finger on the cause of the evil, cúis f an oilc a aimsiú. He wouldn't lift a finger to help you, ní chorródh sé cos leis chun cabhrú leat. Do not point the finger of scorn at me, ná tabhair aghaidh do tharcaisne ormsa. He has a finger in every pie, tá a ladhar i ngach aon ghnó aige. He is an Irishman to the finger tips, Éireannach go smior é. He has the whole business at his fingers' ends, tá an scéal go léir ar deil aige, tá an scéal go léir faoi mar tá an port ag an bpíobaire aige. 2 Mec.E: Méar f treorach.
finger2, v.tr. 1 Méaraím; F: táim ag méirínteacht le, ag ladhráil ar (rud). To finger s.o.'s money, airgead duine a chlifeáil. 2 Mus: Méaraím (dréacht ceoil).
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(Of pers.) He blew at his fingers, chuir sé séideog ar a mhéara.
To breathe on his fingers, séideog a chur ar a mhéara.
F: He burned his fingers over it, d'íoc sé as; d'íoc sé go daor é.
Money burns his fingers, burns a hole in his pocket, mheilfeadh airgead ina mhéara.
To cock the little finger, (i) an laidhricín a chur suas; (ii) F: bheith ag baint súimín as.
He cut his finger, gearradh a mhéar.
The five fingers, na cúig mhéar.
A gathered finger, méar f a mbeadh ábhar déanta aici.
F: He was gnawing his fingers with impatience, bhí sé ag cogaint a ingne le mífhoighne.
Impress of the fingers, lorg na méar.
He got his finger jammed in the door, rug an doras ar a mhéar.
The light-fingered gentry, lucht pócaí a phiocadh; lucht mionbhradaíola.
The little finger, an lúidín m, laidhricín m.
What is the matter with your finger? cad é atá ar, cearr le, do mhéar?
As we were starting what must he do but cut his finger, nuair a bhíomar ag imeacht céard deir tú leis a ghearr a mhéar! céard a dhéanfadh sé ach a mhéar a ghearradh!
He nipped his fingers, bhrúigh sé a mhéar; rugadh ar a mhéar.
My fingers are numb, tá eanglach m, fuairnimh f, i mo mhéara; tá barrliobar m ar mo mhéara.
To cut one's finger, do mhéar a ghearradh.
I only touched it with my finger, ní dhearna mé ach mo mhéar a leagan air.
A thorn pierced his finger, chuaigh dealg faoina mhéar.
To point out sth. to s.o. (with one's finger), an mhéar a shíneadh chuig rud á thaispeáint do dhuine.
Sign post, finger-post, cuaille eolais.
He pushed his finger into my eye, sháigh sé méar faoi mo shúil.
(Finger-) ring, fáinne m.
Rosy-fingered dawn, méiríní dearga na maidine, deirge an dá néal.
Money runs through his fingers, leánn an t-airgead ina mhéara.
To run a thorn into one's finger, dealg a chur faoi do mhéar.
He shut his finger in the door, dhruid sé an chomhla, rug an doras, ar a mhéar.
It slipped through my fingers, d'imigh sé idir mo mhéara.
He snapped his fingers, bhain sé blosc, smeach, as a mhéara.
To snap one's fingers at a threat, neamhshuim a dhéanamh de bhagairt.
To put one's finger on the sore place, do mhéar a leagan ar an gcneá.
A splinter in the finger, sleá sa mhéar.
To put one's fingers on a weak spot, an t-éasc a aimsiú.
He squeezed his finger in the door, rug an doras ar a mhéar.
To have sticky finger (in money matters), bheith luathmhéarach.
To suck one's finger, na méara a dhiúl, a shúrac, a chnáfairt.
My finger is throbbing, tá mo mhéar ag broidearnach.
F: His fingers are all thumbs, tá méara sliopacha air.
My fingers are tingling to box his ears, tá griofadach i mo láimh le fonn tarraingt faoi bhun na cluaise air.
He is an actor to the finger-tips, aisteoir go smior é.
To touch sth. with one's finger, méar a leagan ar rud.
My finger twinges, tá mo mhéar ag broidearnach.
F: She can twist him round her little finger, tá sé ar teaghrán aici.
To wag one's finger at s.o., do mhéar a bhagairt, a thomhas, ar dhuine.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht