TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
lip, s. 1 a Liopa m, cab m. Lower lip, an liopa, béal, íochtair. Upper lip, an liopa, béal, uachtair. F: To keep a stiff upper lip, cruachan in aghaidh na hanachaine. A cigar between his lips, todóg ina bhéal aige. With parted lips, agus an béal beagán ar oscailt. To bite one's lip(s), bheith ag ithe na liopaí. To smack one's lips, flaspaíl a dhéanamh le teann sástachta. He never opened his lips, níor oscail sé a bhéal olc ná maith. No complaint ever passed his lips, níor chualathas focal gearáin riamh uaidh. Lip consonant, consan liopach. b F: Deiliús m, cabantacht f. None of your lip! ní beag sin de ghearrchaint uait! c Liopa m, béal m (cneá). 2 a Faobhar m (cupáin). b Pouring lip, gob m (crúiscín). c (Projection) Feire m, buinne m.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was biting his lips, bhí sé ag cogaint na liopaí.
Blubber lip, liobar bog, liobar líota.
Blubber-lipped, liobránta, breallach.
A cry broke from his lips, d'imigh scread air.
A cry burst from his lips, baineadh béic as.
Prov: There's many a slip 'twixt the cup and the lip, is minic a bádh long lámh le cuan.
Curl of the lips, meill f.
He curled his lip, chuir sé meill air féin.
He curled up his lips, chuir sé meill air féin.
Not a word escaped his lips, níor lig sé focal as a bhéal.
The smile froze on his lips, chalc an gáire ar a bhéal.
F: A smile hovered over her lips, bhí aoibh an gháire le haithint uirthi.
He licked his lips, F: his chops, chuimil sé a theanga dá liopaí.
Thin-lipped, caol-liopach.
To pay lip-service to s.o., béalghrá m a thabhairt do dhuine.
The nether lip, an liopa íochtarach.
To pout the lips, pus a chur ort féin.
To pucker up one's eyebrows, one's lips, na mailí, na liopaí, a chruinniú.
To put one's lips to the glass, do bhéal a leagan ar an ngloine.
To raise one's glass to one's lips, do ghloine a chur le do bhéal.
Ruby lips, liopaí craoraga.
He screwed up his lips, theann sé a liopaí; chrap sé a liopaí.
F: My lips are sealed, tá glas ar mo theanga.
There's many a slip between the cup and the lip, is minic a bádh long láimh le cuan,
With a smile on his lips, agus aoibh f, fáthadh, an gháire ar a bhéal.
A smile stole across her lips, rinne sí draothadh beag gáire.
He is thin-lipped, tá béal muirín air.
F: To unseal s.o.'s lips, (i) cead cainte a thabhairt do dhuine; (ii) caint a bhaint as duine.