TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
seem, v.i. 1 a He seems tired, tá cuma thuirseach air. How does it seem to you? cad é do bharúilse air? It seems very good, tá dealramh, cuma, an-mhaith air. It seems too high to me, is ard liom é. It seems like a dream, tá sé mar a bheadh brionglóid ann. There seems to be some difficulty, tá deacracht éigin ann de réir cosúlachta. b I seem to have heard the name, feictear dom, samhlaítear dom, gur chuala mé an t-ainm. P: I don't seem to fancy it, ar chuma éigin ní thaitníonn sé liom. 2 Impers.It seems (that) . . ., it would seem that.. ., is cosúil go..., dealraíonn sé go . . . It seems to me that you are right, is dóigh liomsa go bhfuil an ceart agat. It seemed as though, as if, he could not live till morning, déarfá nach mairfeadh sé go maidin. So it seems, sin í an chosúlacht atá air; sin é a cheapfá. It seems not, ní cosúil dó go bhfuil (gurb ea, etc.).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
There seems to be no doubt (but) that. . ., dealraíonn sé nach bhfuil amhras ar bith ná go . . .
You seem to imply that . . ., shilfeadh duine gurb é an rud atá i do cheann go . . ., gurb éard atá á chur i gcéill agat go . . .
All seems yellow to the jaundiced eye, feiceann súil ghruama saol gruama.
It seems likely, baineann sé le dealramh.
He seems lost, looks lost, tá néal air; tá sé mar a bheadh speabhraídí air.
Neither does it seem that . . ., ní cosúil ach oiread go...; ní mó is dealraitheach go . . .
Nor does it seem that . . . agus, ná, ní cosúil ach oiread go . . .
Everything seems to point to his success, tá gach cosúlacht air go n-éireoidh leis.
With seeming kindness, lách i gcosúlacht; i leith is gur le bá é.
A seeming friend, cara dar leat, mar dhea.
So it seems, de réir cosúlachta; tá a dhealramh sin air.
It seems to me more suitable to laugh, feictear dom gur gáire ba chirte a dhéanamh.
He seems to go out of his way to get hurt, déarfá gur d'aonghnó a théann sé i mbealach a bhasctha.
The turf seems to be in a bad way, tá droch-chuma ar an móin.