ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is of no account, is cuma ann nó as é.
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
He is one among a thousand, fear as an míle atá ann.
He set the dog at him, chuir sé an madra ann, as.
I am too deeply committed to draw back, tá mé chomh domhain anois ann agus nach bhféadfaidh mé éirí as.
He gave no sign(s) of life, ní raibh dé ann, cor as.
I was hesitating about going there, bhí brath ann agus brath as agam.
It has no intrinsic value, níl maith ar bith ann as féin.
His zeal knows no bounds, tá dúthracht as cuimse ann.
I can't make it out, níl mé in ann aon mheabhair a bhaint as.
F: I got out of it minus one eye, tháinig mé as ach d'fág mé mo leathshúil i mo dhiaidh ann.
To make the most of it, (i) a bhfuil ann a bhaint as; (ii) a mhór a dhéanamh de.
There is nothing for it but to submit, níl an dara rogha ann, níl dul as, ach géilleadh.
He is only so-so, níl sé ach ann as.
Every state was represented, bhí teachtaí as gach aon tír ann.
Material that stretches, éadach a bhfuil teacht as ann.
A hundred miles there and back, céad míle ann agus as.
He said something, whereat everyone laughed, dúirt sé rud éigin a bhain gáire as a raibh ann.