TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
body, s. Corp m, colainn f. 1 a Human body, colainn f dhaonna. He is trying to keep body and soul together, tá sé ag iarraidh greim a bhéil a bhaint amach. Body linen, línéadach cnis. S.a. SOUND6 I. 1. b (Dead) body, corp m. The resurrection of the body, aiséirí na gcorp. c (Of wine, paper) Tathag m. Paper without body, páipéar gan téagar. 2 a Legislative body, comhairle f reachtach. Public body, comhlacht m poiblí. Examining body, bord m scrúdaithe. Electoral body, coiste m toghcháin. b Large body of people, slua m mór daoine. Little body of disciples, drong bheag de lucht leanúna. They came in a body, tháinig an t-iomlán acu isteach in éineacht, c Jur: Strong body of evidence, moll m mór fianaise. Body of laws, bailiúchán m dlíthe, 3 F: (Person) a A decent old body, seanduine cóir. b A queer body, ógánach m aisteach, breac m ait. 4 (Main part) a Croí m (scríbhinne, leabhair); meánlann f (eaglaise). The body of a speech, suim f na cainte. b Veh: Cabhail f -bhlach. 5 Astr: Ch: Corpán m. Heavenly body, corpán m spéire. 6 Ch: Corp m. Flat body, corp plánach.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Jur: Able in body and mind, slán i gcorp agus in intinn.
To bear out a body, etc., corp, etc., a iompar amach.
Committal of a body to the earth, adhlacadh m coirp sa talamh.
Body corporate, corporate body, corparáid f, comhlacht m corparáideach.
To commit a body to the deep, corp a chaitheamh thar bord.
His body was dismembered, sracadh a chorp óna chéile.
v.tr.To drive a sword through s.o.'s body, claíomh a shá, a ropadh, i nduine.
The ecclesiastical body, cléir na heaglaise.
Ph: Falling body, corp a bheadh ag titim.
To fish up a dead body, corpán a thabhairt ar barr.
Foreign body, ábhar deoranta, iasachta.
Habit of body, coimpléasc m.
Heavenly body, corpán m spéire.
Ph: Heavy bodies, coirp throma.
Body that imparts heat, rud a thugas teas uaidh.
To impress motion (up)on a body, corp a chur ag gluaiseacht.
Body linen, éadaí mpl cnis.
The main body, tromchuid f (an airm).
Set up in twelve-point (body), curtha suas i ndá phointe dhéag.
The body politic, an stát m.
Aut: The body rattles, tá gliogar ag an gcabhail.
To sever s.o.'s leg (from the body), an chos a bhaint de dhuine.
He's some body, duine céimiúil é.
He is sound in body and mind, tá sláinte coirp agus intinne aige.
The body had stiffened, bhí an corp ina stalca.
Strength of body, neart m, urra m, coirp.
To sustain the body, an corp a choimeád beo,
Bodies lay thick on the ground, bhí na coirp srathnaithe ar an talamh.
Vitreous body, corpán gloiní (na súile).
To wriggle one's body, one's legs, bheith ag lúbarnaíl do chabhlach, do chos.