ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He blazed up at the mention of it, chuaigh sé le buile chomh luath agus tráchtadh air.
As soon as I can, chomh luath agus a fhéadfas mé.
As soon as can be, chomh luath agus is féidir (é).
As soon as oysters come in, chomh luath agus a bheas na hoisrí i séasúr.
I will come directly I've finished, tiocfaidh mé chomh luath géar agus a bheidh críochnaithe agam.
As early as possible, chomh luath agus is féidir.
As soon as ever he comes home, chomh luath géar agus a thiocfaidh sé abhaile.
Immediately on his return, I wrote to him, scríobh mé chuige chomh luath géar agus a tháinig sé ar ais.
I'll send him to you the minute he arrives, cuirfidh mé chugat é chomh luath agus a thiocfas sé.
The moment I saw him I recognized him, chomh luath géar agus chonaic mé é d'aithin mé é.
I'll come as early as I possibly can, tiocfaidh mé chomh luath in Éirinn agus fhéadfas mé.
(Immediately) on my return, chomh luath agus a thiocfad ar ais.
As soon as, so soon as, chomh luath agus.
As sure as I go out it rains, chomh luath agus a théim amach fliuchann sé.
I will come with what speed I may, tiocfaidh mé chomh luath agus a fhéadfas mé.