Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: mainte · mine · mint · mínte · minted
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh minute »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
minute1, s. 1 a Nóiméad m (ama). b F: A minute's rest, nóiméad scíthe. Wait a minute! fan nóiméad! He has come in this (very) minute, tháinig sé isteach anois go díreach. He was here a minute ago, bhí sé anseo nóiméad ó shin. I'll go in in a minute, rachaidh mé isteach faoi cheann nóiméad; beidh mé isteach anois beag, láithreach. I shan't be a minute, (i) ní bheidh mé ach nóiméad leis; (ii) ní bheidh mé amuigh ach nóiméad. On the minute, to the minute, go díreach ar an nóiméad. He appeared at nine to the minute, tháinig sé ar bhuille an naoi. I expect him every minute, any minute, tá mé ag súil leis nóiméad ar bith feasta. I'll send him to you the minute he arrives, cuirfidh mé chugat é chomh luath agus a thiocfas sé. 2 Geom: Astr: Nóiméad m (de chéim). 3 Meamram m, dréacht m -a. 4 a Tuairisc f, nóta m. To make a minute of sth., nóta m a dhéanamh de rud. b Minutes of a meeting, miontuairiscí fpl cruinnithe.
minute2, v.tr. a Dréachtaim (conradh, etc.) b To minute sth. down, nóta a dhéanamh de rud. c To minute (the proceedings of) a meeting, miontuairiscí cruinnithe a scríobh.
minute3, a. 1 a Bídeach, mion, mionaideach b The minutest particulars, gach mionphointe, gach tuairisc dá laghad. 2 Mionchruinn.   minutely, adv. Go mion, etc.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I shall attend to you in a minute, beidh mé chugat ar ball beag.
It took him ten minutes by the clock, thóg sé deich nóiméad a chloig air.
Every minute counts, níl nóiméad le cailleadh.
He arrived five minutes too early, tháinig sé cúig nóiméad róluath.
Every few minutes, gach cúpla nóiméad; gach re nóiméad.
I expect him every minute, táim ag súil leis aon nóiméad, gach nóiméad.
In a few minutes, i gceann cúpla nóiméad.
The clock gains a minute in the day, téann an clog nóiméad mear sa lá.
Ten minutes gone and nothing done, deich nóiméad caite agus gan aon ní déanta.
Ten minutes' halt, stad deich nóiméad.
Clock that loses five minutes a day, clog a chailleann cúig nóiméad sa lá.
On time, on the minute, ar bhuille an chloig; ar an sprioc.
Train ten minutes overdue, traein atá deich nóiméad i ndiaidh ama, mall.
To arrive prompt to the minute, teacht ar bhuille na huaire.
To take the minutes as read, glacadh leis na miontuairiscí gan léamh.
Aut: F: Two thousand revs a minute, dhá mhíle casadh sa nóiméad.
Rotation per minute, casadh sa nóiméad.
Your clock is five minutes slow, tá do chlog cúig nóiméad mall.
We waited some few minutes, d'fhanamar tamaillín éigin.
I have a minute to spare, tá tamall beag díomhaoin agam.
I had a sticky ten minutes, chaith mé tamall beag go hainnis.
Ten minutes' stop, moill deich nóiméad.
I've been watching you these ten minutes, táim ag faire ort le deich nóiméad.
Ten minutes to six, deich nóiméad don sé.
He turned up ten minutes late, bhí sé deich nóiméad thar am nuair a shroich sé.
You can walk it in ten minutes, siúlfaidh tú i ndeich nóiméad é.
It is within ten minutes' walking distance, tá sé i ngaireacht deich nóiméad siúil.
Impers.It wants ten minutes of six o'clock, tá sé faoi dheich nóiméad don sé a chlog.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht