Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cainneál · cinseal · cainéal · caingeal · ceinéal
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Such another, ceann eile den chineál céanna, a leithéid eile.
There is not such another man, níl an dara duine dá chineál ar an saol.
A class apart, aicme, cineál, ar leith.
He is a bit of a fool, cineál amadáin é.
To break s.o. into a kind of work, duine a chló le cineál áirithe oibre.
Jur: A case in point, cás m den chineál.
Cast of mind, intinn den chineál sin.
Books of that character, leabhair den chineál sin.
It does not come under that heading, ní den chineál sin é; ní bhaineann sé leis an roinn sin.
Battleships of different designs, cineálacha éagsúla cathlong.
Improvements in many directions, go leor cineál feabhsuithe.
Have you had any previous experience? ar rinne tú an cineál sin oibre cheana?
The gentle(r) sex, an cineál baineann.
The genes and differentia, an cineál agus an difríocht.
I am not given that way, ní duine den chineál sin mé; ní bhíonn aon dúil agam ina leithéid.
I was half afraid that . . ., bhí cineál d'eagla orm go . . .
He can turn his hand to anything, tá lámh ar an uile chineál aige.
F: Others of that ilk, daoine eile den dream céanna, den chineál céanna.
It's nonsense talking like that, níl ach amaidí sa chineál sin cainte.
Of what kind is it? cén cineál é?
What kind of man is he? cén cineál, sórt, duine é?
Good of its kind, go maith ina chineál.
New in kind, de chineál nach raibh riamh roimhe ann.
They differ in kind, ní d'aon chineál amháin iad.
Male sex, cineál m fireann.
What manner of man is he? cén cineál duine é?
All manner of men, an uile chineál daoine.
(Of child) He is always getting into mischief, tá sé i gcónaí ag déanamh anmhailíse de chineál éigin.
Motley crowd, scata daoine de gach cineál.
Something in the nature of a crime, cineál de choir; saghas coire; gníomh nach neamhchosúil le coir.
I was new to that kind of work, bhí an cineál sin oibre ainchleachta agam; ní raibh taithí ar an saghas sin oibre agam.
The opposite sex, an cineál eile; an gnéas eile.
Potatoes and (some) other vegetables, prátaí agus cineálacha eile glasraí.
To pay s.o. for his help, a chineál a chúiteamh le duine.
They are all of a piece, aon chineál amháin iad uile.
He is put to every kind of work, cuirtear gach cineál oibre air.
Of good, poor, quality, de chineál maith, de chineál dona.
Of the same kind, d'aon chineál amháin; den chineál céanna.
These potatoes are run to seed, tá na prátaí seo rite as cineál.
The fair sex, an cineál banda.
The sterner sex, an cineál fearga.
No communication in any shape or form, scéala de chineál ar bith (dubh, bán ná riabhach).
Some sort of reply, freagra de chineál éigin.
Something to drink, deoch de chineál éigin.
It is somewhat difficult, tá sé cineál, pas beag, buille, deacair.
What sort of tree is it? cad é an cineál crainn é?
All sorts of men, an uile shaghas, chineál, fear.
I can't stand that sort of thing, níl goile ar bith agam don chineál sin.
I have a sort of idea that . . ., tá cineál de bharúil agam go . . ., táim in amhras go . . .
A sort of sour taste, blas cineál géar.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht