ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He struck his head against the wall, bhuail sé a chloigeann faoin mballa.
I banged his head on a stone, bhuail mé a chloigeann faoi chloch.
He bashed his head, bascadh a chloigeann.
She bashed him on the head, chnag sí sa chloigeann é.
v.i.The sun is beating down upon your head, tá an ghrian ag doirteadh anuas ar do chloigeann.
To bind a wreath about s.o.'s head, fleasc a chasadh thart faoi chloigeann duine.
To bump your head against sth., do chloigeann a ghreadadh in éadan ruda.
He carries his head high, bíonn a chloigeann san aer aige.
To clap a pistol to s.o.'s head, piostal a ropadh le cloigeann duine.
To come upon s.o., teacht isteach i gcloigeann duine; rith le duine; duine a bhualadh.
He was drunk with success, bhí a chloigeann tógtha le chomh maith is bhí ag éirí leis.
He is taller than I by a head, tá an cloigeann aige orm.
Cu: Sheep's, boar's, head, cloigeann caorach, cloigeann collaigh.
He has a good head on his shoulders, his head is screwed on the right way, tá cloigeann maith air, tá intinn mhaith chúil aige.
He reckoned it in his head, chuntais sé ina chloigeann é.
Two heads are better than one, is fearr dhá chloigeann ná ceann.
Fb: To head the ball, an cloigeann a thabhairt don liathróid.
His head hit against the door-jamb, buaileadh a chloigeann faoin ursain.
He is inebriated by success, tá a chloigeann tógtha ó d'éirigh leis.
To give s.o. a knock on the head, (i) buille a thabhairt do dhuine sa chloigeann; (ii) duine a chnagadh.
To knock s.o. on the head, (i) duine a bhualadh sa chloigeann; (ii) spéice a dhéanamh de dhuine.
He knocked his head against the door, bhuail sé a chloigeann in éadan an dorais.
To perk up one's head, do chloigeann a chrochadh.
To pillow one's head on one's arms, do chloigeann a ligean anuas ar do sciatháin.
F: The stone came full pitch at my head, buaileadh an chloch cruinn díreach isteach sa chloigeann orm.
He poked his head around the corner, sháigh sé a chloigeann timpeall an choirnéil.
To put a bullet through s.o.'s head, piléar a chur trí chloigeann duine.
I have a racking headache, tá mo chloigeann á réabadh.
To run one's head against the door, do chloigeann a ghreadadh in éadan an dorais,
Rush of blood to the head, rabharta fola faoin gcloigeann.
To knock s.o. silly, néal a chur sa chloigeann ag duine, spéice a dhéanamh de dhuine.
Skull and cross-bones, cloigeann agus croschnámha.
His head struck the wall, buaileadh a chloigeann faoin mballa.
What am I thinking about? céard atá ar mo chloigeann ar chor ar bith?
To top s.o. by a head, an cloigeann a bheith agat ar dhuine.
To toss one's head, croitheadh a bhaint as do chloigeann.
(Of horse) To toss its head, a cloigeann a chaitheamh.
To run one's head against a (brick) wall, do chloigeann a ghreadadh in éadan balla; bheith ag fadú tine faoi loch.