Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: déan ar · déanfas · déan suas · déanadas · déanaí
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it on his own account, rinne sé é as a stuaim féin, ar a chonlán féin.
He was not accountable for his action, ní as ciall a rinne sé é.
They were ambushed, rinneadh ionsaí as luíochán orthu.
He did it in anger, as fearg a rinne sé é.
What he did was to shout out, is é rud, séard, a rinne sé (ná) béic a chur as.
He did it (all) by himself, rinne sé as a chonlán féin é.
He can do for himself, is féidir leis déanamh as dó féin.
He fends for himself, soláthraíonn sé dó féin, déanann sé as dó féin.
He did it in a fit of temper, rinne sé é as taghd.
He flaunts his wealth, déanann sé gaisce as a chuid saibhris os comhair an tsaoil.
To glory in sth., bheith ag déanamh mórtais as rud, olláis le rud.
He obeyed without a grumble, rinne sé mar a dúradh leis gan oiread agus focal as.
To have infinite trouble in doing sth., trioblóid as cuimse a bheith agat ag déanamh ruda.
He meant it for a kindness, as dea-chroí a rinne sé é.
Made of wood, déanta de, as, adhmad.
Hut made out of a few old planks, bothán a rinneadh as dornán, de dhornán, seanchlár.
v.tr.The band played the troops out of the town, rinne an banna na saighdiúirí a chomóradh amach as an mbaile le ceol.
To provide for oneself, soláthar, seiftiú, déanamh as, duit féin.
(Of thg.) It will be of some service, déanfaidh sé áis éigin, bainfear úsáid éigin as.
It was not through friendship he did it, ní as cairdeas a rinne sé é.
He acted through fear, as eagla a rinne sé é.
He values himself on his achievements, tá meas an domhain aige air féin as a bhfuil déanta aige.
Metals whereof jewellery is made, miotail a ndéantar seoda astu.
He was told to leave the country, which advice he followed, iarradh air imeacht as an tír, rud a rinne sé.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht