TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
door, s. Doras m. Entrance door, street-door, front-door, doras sráide, doras tosaigh. Side-door, taobhdhoras. S.a. BACK-DOOR. Carriage-door, doras carráiste. Double door, doras dhá chomhla. Folding doors, doras infhillte. Sliding door, comhla shleamhnáin. To show s.o. the door, an doras a thabhairt do dhuine. To show s.o. to the door, dul go doras le duine. To keep within doors, fanacht istigh. To turn s.o. out of doors, duine a chur amach as an teach. To play out of doors, súgradh a dhéanamh amuigh faoin aer. He was denied the door, dúnadh an doras air. To open the door to abuses, caoi mhaith a thabhairt do lucht droch-chleachtaidh. To open the door to a settlement, bealach a réiteach chun socraithe. To close the door to, against, s.o., an doras a dhúnadh ar dhuine. To close the door upon any discussion, deireadh a chur le deis díospóireachta. To lay a charge at s.o.'s door, coir a chur i leith duine. The fault lies at my door, orm féin an locht.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
When I opened the door a man jumped in, nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach.
Door that gives access to a room, doras isteach chun seomra.
Access to the door is by a flight of steps, suas staighre a théitear go dtí an doras.
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
It would be advisable to lock the door, den chríonnacht an glas a chur ar an doras.
He closed the door after him, dhruid sé an doras ina dhiaidh.
To air clothes (out of doors), éadach a chur amach faoin ngaoth.
Answer the door, oscail an doras.
To assist s.o. to the door, taca a thabhairt do dhuine chun an dorais,
He got into the job through the back-door, shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar.
To bang the door, an doras a phlabadh.
Bar of a door, maide éamainn, sparra m comhla.
Barn door fowls, éanlaith clóis.
v.i.To batter at the door, greadadh ar an doras.
To beat at the door, bualadh ag an doras, an doras a rúscadh.
Arch: Blind door, window, doras, fuinneog chaoch.
The door blew open, chuir an ghaoth an doras isteach.
v.tr.The wind blew in the door, chuir an ghaoth isteach an chomhla.
To break open a door, a lock, doras, glas, a bhriseadh.
A built-in door way, doras caoch.
To burst open a door, comhla a ghreadadh isteach, amach.
v.tr.To burst in a door, doras a bhriseadh isteach.
Com: To canvass from door to door, canbhasáil ó theach go teach.
To keep close to the door, fanacht gar don doras.
Never darken my door again! ná dall mo dhoras go brách arís!
That dashed door . . ., an diabhal, an cleabhar, de dhoras sin.
Dead as a door-nail, as mutton, chomh marbh le hArt.
Deaf as a door-post, chomh bodhar le slis.
To be at death's door, bheith in uacht báis, bheith ag comhrá leis an mbás.
To deny the door to s.o., an doras a dhúnadh in aghaidh duine.
I shall drop you at your door, fágfaidh mé ag an doras thú.
The door flew open, leath an doras de phreab.
Out-door games, cluichí faoin aer.
To get a door to shut, bail a chur ar dhoras le go ndúnfadh sé.
The door gives into the street, tá an doras ag oscailt amach ar an tsráid.
He gave in a parcel (at the door), shín sé beart (an doras) isteach.
His eyes were glued to the door, bhí a shúile sáite sa doras aige.
Go and shut the door, téirigh agus dún an doras; éirigh anonn agus dún an doras.
The door grated on its hinges, bhí díoscán ag insí an dorais.
F: To hammer at the door, an doras a chnagadh.
To hang a door, comhla a chrochadh.
Hanging door, comhla chrochta.
The door is off its hinges, tá an chomhla dá hinsí.
His head hit against the door-jamb, buaileadh a chloigeann faoin ursain.
I imagined I heard a knock at the door, chonacthas dom gur chuala mé cnag ar an doras.
He got his finger jammed in the door, rug an doras ar a mhéar.
Just by the door, le hais an dorais.
Just when the door was opening, go díreach nuair a bhí an doras á oscailt.
To leave the key in the door, an eochair a fhágáil sa ghlas.