ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To attend to a customer, freastal ar chustaiméir.
To attend s.o., to attend on, upon, s.o., freastal ar dhuine, giollaíocht a dhéanamh ar dhuine.
To attend lectures, bheith i láthair ag léachtaí, freastal ar léachtaí.
There was a good attendance at the meeting, rinneadh freastal maith ar an gcruinniú.
Attendant on s.o., ag comóradh duine, ag freastal ar dhuine.
It requires daily attention, caithfear freastal air gach uile lá.
To fill every requirement, freastal ar gach riachtanas.
To frequent the sacraments, freastal ar na sacraimintí.
To attend lectures, freastal ar léachtaí.
(At restaurant) Our regular waiter, an freastalaí a bhíonn againn.
I am my own servant, tá mé ag giollacht, ag freastal, orm féin.
Abs.To serve at table, freastal ag bord.
The locality served by the railway line, an ceantar a ndéanann an bóthar iarainn freastal air.
Are you being served? an bhfuiltear ag freastal ort?
To tend (up) on s.o., freastal, friotháil, ar dhuine; giollaíocht a dhéanamh ar dhuine.
We are waiting to be served, táimid ag feitheamh le freastal.
To wait at table, friotháil, freastal, ag bord.
Waiting maid, cailín freastail.
Jur: To watch a case, freastal ar chúis (ar mhaithe le duine).