ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To find a true bill against s.o., glacadh le bille díotála i gcoinne duine.
He was chafing against the bars, bhí sé á thraochadh, á chloí, féin i gcoinne na ráillí.
To come for s.o., for sth., teacht i gcoinne duine, ruda.
In contemplation of an attack, i gcoinne ionsaithe, le faitíos roimh ionsaí.
To contest s.o.'s right to do sth., cur i gcoinne ceart duine chun rud a dhéanamh.
To make no demur, gan cur i gcoinne rud ar bith.
To take exception to sth., (i) cur i gcoinne ruda; (ii) éirí stuacach faoi rud.
Jur: To take exception to a witness, cur i gcoinne finné.
Nau: In the wind's eye, i gcoinne na gaoithe.
To set one's face against sth., cur i gcoinne ruda.
To be flatly opposed to sth., bheith i gcoinne ruda amach is amach.
He went out for water, chuaigh sé amach faoi dhéin, i gcoinne, uisce.
To go for s.o., for sth., dul i gcoinne duine, ruda.
He praised the boy grudgingly, is i gcoinne a thola a mhol sé an buachaill.
The gun kicked my shoulder, phreab an gunna i gcoinne mo ghualainne.
(Of car) To labour uphill, dul i gcoinne an aird le dua.
To lay off a bet, geall a chur i gcoinne gill.
To go to meet s.o., dul i gcoinne, in airicis, duine.
To mutter against s.o., monabhar, casaoid, a dhéanamh i gcoinne duine.
To object to sth., s.o., cur i gcoinne ruda, duine.
I object to his doing it, táim i gcoinne é a dhéanamh.
To take objection to sth., (i) cur i gcoinne ruda; (ii) col m a ghlacadh le rud.
I have no objection to his doing so, níl aon rud agam i gcoinne é á dhéanamh.
The opposers of the motion, na daoine atá i gcoinne na tairisceana.
To act in opposition to public opinion, dul i gcoinne tuairime an phobail.
To rise (in revolt), éirí amach (against, i gcoinne).
Half-way up, down, the slope, leath bealaigh i gcoinne an aird, le fána.
The road runs upwards, tá an bóthar ag dul i gcoinne an aird, ag éirí.