ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
If you are at all anxious, má tá (bhíonn) imní dá laghad ort.
I am anxious for his health, tá imní orm faoina shláinte.
To drive away dull care, an ruaig a chur ar an imní.
Don't be uneasy on my behalf, ná bíodh imní ort mar gheall ormsa, de mo thairbhese.
To charm away s.o.'s cares, duine a mhealladh ó imní an tsaoil.
Make yourself comfortable about that, ná bíodh aon imní ort faoi sin.
I am concerned for his health, tá a shláinte ag déanamh imní, buartha, dom.
Devoid of care, gan aon imní.
It is very disquieting, is mór an t-údar imní é.
I fear for him, tá imní orm ina thaobh.
F: My nerves are frayed out, tá an imní ag adhaint orm; tá an fhoighne caite orm.
To be in a fret, bheith ar fiuchadh (le himní, etc.).
Don't fret!, ná bíodh aon imní ort!
Set your heart at rest, ná bíodh aon imní ort.
He is in mortal anxiety, tá imní an tsaoil air.
It did not so much worry me as annoy me, is mó an míshásamh ná an imní a chuir sé orm.
There is no need to worry, níl call ar bith le himní; níl ábhar ar bith imní ann.
I am nervous on his account, tá imní orm faoi.
It nevertheless makes me anxious, ina dhiaidh sin (agus uile) tá sé ag cur imní orm.
That's enough to worry people, chuirfeadh sin féin imní ar dhuine.
He is a prey to anxiety, tá sé ite ag an imní.
Mind preyed upon by anxiety, intinn a bheadh ciaptha ag an imní.
Don't put yourself about, ná bíodh aon imní ort.
You have reason to be worried, tá údar imní agat.
I was relieved of anxiety, saoradh ó imní mé.
To set s.o.'s mind at rest, an imní a thógáil de dhuine.
There is room for uneasiness, tá ábhar, cúis, imní ann.
I feel anxious all the same, ina dhiaidh sin féin, tá imní orm.
A shade of anxiety came over his face, tháinig fríd na himní ar a ghnúis.
There, there, don't worry! seo anois, ná bíodh imní ort! ná bí do do bhuaireamh féin!
He has been much troubled about his son, fuair sé imní mhór de thairbhe an mhic.
She was troubling about that, bhí sin ag déanamh imní, tinnis, di.
Don't trouble about it, ná cuireadh sin imní ort.
To feel uncomfortable about sth., imní a bheith ort faoi rud.
The enemy were uncomfortably near, b'ábhar imní a chóngaraí a bhí an namhaid.
Don't be uneasy on that score, ná bíodh aon imní ort faoi sin.
His friend's fate was uppermost in his thoughts, cinniúint a chomrádaí ba mhó a bhí ag déanamh imní dó.
Don't be so upset, ná bíodh imní ort.
Well then, why worry? agus mar sin de cén fáth a mbeadh imní ort?
He has always been a worry to me, bhí sé riamh ina ábhar imní agam.
Don't (you) worry! ná bíodh imní ort! cuir do chroí in áit chónaithe!
I am not worried about it, níl sé ag cur imní orm.