Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aster · maser · mastery · mater · hamster
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh master »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
master1, s. 1 (Man in control) a Máistir m. To be master in one's own house, bheith i do mháistir ar do theach féin. To be master of oneself, guaim a bheith agat ort féin. To be one's own master, bheith i do mháistir ort féin. He is master of the situation, tá na gnóthaí faoina ordóg aige. He was master of the field, bhí bua an chatha leis. He met his master, casadh fear a mhúinte air. b (Employer) Máistir. Like master like man, is cosúil le chéile Ó Néill is a ghiolla. F: The master is not at home, níl sé féin faoi bhaile. c Nau: Máistir m (loinge trádála). d Master of foxhounds, máistir conairte. Master of the Rolls, Máistir na Rollaí. Th: Chorus master, máistir na cantaireachta. 2 Sch: a Máistir, múinteoir m. Form master, máistir (ranga). Writing master, múinteoir scríbhneoireachta. b Fencing master, máistir pionsa. c Master of Arts, máistir ealaíne. Master of Science, máistir eolaíochta. 3 a A: Ceardaí m ag obair dó féin. b Master of an art, eolaí m ar cheird. To be master of a subject, bheith ard-oilte ar ábhar. To make oneself master of sth., rud a fhoghlaim go paiteanta. S.a. PAST-MASTER. Art: An old master, (pictiúr le) ard-dathadóir den seanreacht. 4 (As title) a A: My masters, a dhaoine uaisle. b (Of boy) Master John, Sean Óg. 5 Attrib. a Master carpenter, siúinéir m fostaitheora. Master mariner, captaen m loinge trádála. b Master hand, lámh oilte. He is a master hand at it, tá an cheird go léir aige; is é atá oilte air. c Master mind, sárintleacht f. Cards: Master card, cárta bua.
master2, v.tr. 1 Smachtaím, ceansaím (duine, capall, etc.). 2 Smachtaím, srianaim (mo phaisin), brúim (m'fhearg) fúm; déanaim mo chuid féin de (ábhar léinn). To master a difficulty, deacracht a shárú. To have mastered a subject, bheith i d'údar ar ábhar léinn.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I had him as a master, bhí sé ina mháistir orm (seal).
Assistant-master, fomháistir m.
Nau: Master's certificate, dintiúir mpl chaptaen loinge.
He held his master in high esteem, bhí ardmheas aige ar a mháistir.
A master followed by his servant, máistir agus a ghiolla lena chois.
French master, máistir m Fraincise.
Sch: Games master, máistir cluichí.
Hard master, máistir géar.
Master of hounds, máistir conairte.
He followed his master's lead, rinne sé mar a rinne a mháistir roimhe; lean sé lorg a mháistir.
Like master, like man, is ionann le chéile an giolla agus a mháistir.
I had looked to find a stern master, le máistir dian a bhí súil agam.
Ind: The masters and the men, na máistrí agus na hoibrithe.
He repeats everything to the master, nil a dhath nach n-insíonn sé don mháistir.
Sch: Resident master, máistir cónaitheach.
Sch: Senior master, máistir sinsir.
To serve a master, bheith i seirbhís máistir; bheith i do sheirbhíseach ag máistir.
Taxing-master, máistir m fómhais.
He got his (master's) ticket, fuair sé a theastas captaein.
Unfaithful to one's master, mídhílis do do mháistir.
You are the master, tusa an máistir.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht