TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
French. I a. 1 a Francach. The French king, rí na Fraince. b (Of fashion, etc.) Francach, (ar nós) na Fraince. c Sch: French lesson, ceacht m Fraincise. French master, máistir m Fraincise. 2 To take French leave, imeacht gan chead. 3 French chalk, cailc táilliúra, cailc fhrancach. French polish, snasán francach. French window, fuinneog fhrancach. II ► French, s. 1 An Fhraincis. He knows French, tá an Fhraincis aige. 2 pl. na Francaigh mpl; muintir f na Fraince.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Play adapted from the French, dráma ón bhFraincis faoi athchóiriú.
French bean, pónaire fhrancach.
I must brush up my French, caithfidh mé an mheirg a bhaint de mo chuid Fraincise.
Give your French a brush-up, bain an mheirg de do chuid Fraincise.
French chalk, cailc fhrancach.
Sch: The French class, an rang Fraincise.
French, dry, cleaner, tirimghlantóir m.
Draw: French curve, ilchuar m.
To express oneself in French, tú féin a chur in iúl i bhFraincis.
To write in French, scríobh i bhFraincis, as Fraincis.
French, spike, lavender, labhandar francach.
To take French leave, (i) imeacht gan fhios, gan chead gan cheiliúradh; (ii) gnó a dhéanamh gan feitheamh le cead.
To take lessons in French, ceachtanna Fraincise a fháil.
To give lessons in French, ceachtanna Fraincise a thabhairt.
French plums, plumaí mpl Francacha.
To polish up one's French, craiceann a chur ar do chuid Fraincise.
French roll, rollóg fhrancach.
F: My French is rusty, tá meirg ar mo chuid Fraincise.
I thought you were French ─ So I am, shíl mé gur Francach a bhí ionat ─ Agus shíl tú an ceart; agus is ea leis.
Something after the French style, cosúil ar dhóigh le stíl na Fraince.
The name sounds French, tá blas Francach ar an ainm.
The study of French, foghlaim na Fraincise.
To talk French, an Fhraincis a labhairt.
He teaches French, tá sé ag múineadh na Fraincise.
Translated from the French, ón bhFraincis.
To turn a sentence into French, abairt a aistriú, a thiontú, go Fraincis.
He typifies the French officer, is é sampla an oifigigh Fhrancaigh é, is é an tOifigeach Francach ar a chosa é.
I don't understand French, níl aon Fhraincis agam.