ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accommodate one thing to another, rud a chur in oiriúint do, a oiriúnú le, rud eile.
To take sth. into account, to take account of sth., rud a chur san áireamh.
To accuse a person of sth., rud a chur i leith duine, a chasadh le duine, a chur síos do dhuine, a fhágáil ar dhuine.
To acquaint s.o. with sth., rud a chur in iúl, a chur i gcéill, do dhuine.
To make oneself acquainted with sth., eolas a chur ar rud.
To put, set, bring, call, sth. into action, rud a chur ar obair, ar siúl.
To add sth. in, rud a chur san áireamh, sa chuntas.
To adjourn sth. to, till, the next day, for a week, rud a chur siar go dtí an chéad lá eile, go ceann seachtaine.
To show off sth. to advantage, an taobh is fearr de rud a chur amach.
To send, give, sth. back again, rud a chur, a thabhairt, ar ais.
To warn s.o. against sth., duine a chur ar a fhaichill ar rud.
To set s.o., sth., agoing, duine, rud, a chur ar obair.
To expose sth. to the air, rud a chur faoin aer.
To set sth. alight, rud a chur trí thine.
Allotment of money for a purpose, cur airgid i leataobh le rud a chur i gcrích.
Allowing for the circumstances, le gach rud a chur san áireamh.
To make allowance(s) for sth., rud a chur san áireamh.
To alter sth. for the worse, athrú chun olcais a chur ar rud.
To apply to s.o. for sth., rud a iarraidh ar dhuine, iarratas ar rud a chur chuig duine.
To apprise s.o. of sth., rud a insint do dhuine; rud a chur i bhfios, in iúl, do dhuine.
To ask about sth., faisnéis a chur faoi rud.
To ask s.o. about sth., tuairisc a chur le duine faoi rud; ceist a chur ar dhuine faoi rud.
To assign a reason for sth., fáth a chur le rud.
To set sth. astir, rud a chur ar obair, faoi shiúl.
What he did was to shout out, is é rud, séard, a rinne sé (ná) béic a chur as.
To beguile the time doing sth., an t-am a chur thart ag déanamh ruda.
To bestow sth., somewhere, rud a chur do leataobh in áit éigin.
To bet on sth., geall a chur ar rud.
To bind down s.o. to do sth., a chur d'fhiacha, de cheangal, ar dhuine rud a dhéanamh.
To set sth. down in black and white, rud a chur i scríbhinn.
To blame sth., for an accident, taisme a chur síos do rud, a leagan ar rud.
To set sth. in a blaze, rud a chur trí thine.
To set sth. bottom upwards, rud a chur bunoscionn; rud a chur béal faoi.
To bring sth. into action, into play, rud a chur ag obair. S.a. FASHION1
To bring sth. to perfection, barr maise, bailchríoch, a chur ar rud.
To bring up sth. against s.o., rud a chur in aghaidh duine.
To build vain hopes on sth., dóchas amaideach a chur i rud.
To buoy up sth., baoi a chur le rud; rud a choinneáil ar snámh.
To burden s.o. with sth., rud a chur mar ualach ar dhuine.
(Aside) To lay, put, set, sth. by, rud a chur i leataobh, i dtaisce.
To carry sth. into effect, rud a chur i gcrích.
To cause sth. to be done, rud a chur á dhéanamh; cur faoi deara rud a dhéanamh.
To caution s.o. against sth., duine a chur ar a airdeall, aireachas, ar rud.
To lay sth. to s.o.'s charge, rud a chur i leith duine; milleán ruda a chur ar dhuine.
To choke s.o. off from doing sth., duine a chur ó rud a dhéanamh.
To commit sth. to s.o.'s care, rud a chur faoi chúram duine; cúram ruda a fhágáil ar dhuine.
To commit sth. to writing, rud a chur i scríbhinn.
To communicate (sth. to sth., to s.o.), (teas, etc.) a chur i (rud, nduine); (galar, etc.) a thabhairt do (dhuine).
To condition that sth. be done, a chur mar choinníoll go ndéanfaí rud.
To take sth. into consideration, rud a chur san áireamh.