ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He can turn everything to account, is féidir leis tairbhe a bhaint as gach aon rud; dhéanfadh sé fíon as uisce na gcos.
On account of it, dá thairbhe, mar gheall air, as a shiocair.
He has the advantage of youth, tá buntáiste aige de thairbhe óige.
He is not behindhand in generosity, níl sé fágtha de thairbhe féile.
v.i.To benefit by sth., leas, tairbhe, sochar, a bhaint as rud.
It boots not to . . ., ní haon tairbhe . . ., níl gar . . .
The game is not worth the candle, ní fiú an tairbhe an trioblóid.
In consequence of that, dá bharr sin, dá thairbhe sin; dá dheasca sin.
It'll do you no end of good, rachaidh sé chun tairbhe dhuit go mór.
He was footling away his time, bhí sé ag meilt a chuid aimsire gan tairbhe.
Fruitless efforts, saothar in aisce, gan aird, gan tairbhe, díomhaoin.
To do good (in the world), tairbhe m a dhéanamh (sa saol).
It is no good saying . . ., ní haon tairbhe, ní haon chabhair, a bheith á rá (go) ...
To extract all the goodness out of sth., an tairbhe go léir a shú as rud.
It has the saving grace that . . ., tá an méid seo de thairbhe ann go . . .
It was but little advantage to me, is beag a fuaireas dá thairbhe.
Much good may it do you! nár dhéana sé maith duit! nár fhaighir a thairbhe!
There's no object in doing that, ní haon tairbhe é sin a dhéanamh.
It doesn't pay, ní fiú an tairbhe an trioblóid.
Personally, I am willing . . ., de mo thairbhe féin de, tá mé toilteanach . . .
What will it profit you to go there? cá tairbhe dhuit dul ansin?
To profit by sth., tairbhe, leas, a bhaint as rud.
It is more profitable to us to sell it, is tairbhí dúinn a dhíol.
He amused himself at the sacrifice of his studies, bhí pléisiúr aige ach ní chun tairbhe dá chuid léinn é.
He has been much troubled about his son, fuair sé imní mhór de thairbhe an mhic.
F: To fish in troubled waters, bheith ag iarraidh achrann a chur chun tairbhe duit féin.
It will be of little use, is beag an tairbhe a dhéanfaidh sé.
This book was very useful to me, bhain mé tairbhe mhór as an leabhar seo.
The value of milk as a beverage, an tairbhe atá i mbainne mar dheoch.
Prep.phr.By virtue of, de thairbhe, de bhrí, de bhua.
Wasteful expenditure, caiteachas gan tairbhe.