ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
To be able to do sth., bheith in inmhe, in ann, rud a dhéanamh.
I am able to do it, tig liom a dhéanamh.
Better able to do it, níos fearr chun a dhéanta.
To do something turn (and turn) about, sealaíocht f, uainíocht f, a dhéanamh.
To be about to do something, bheith ar tí rud a dhéanamh.
To call s.o. to account (for sth. for doing sth.), míniú m, cuntas, a iarraidh ar dhuine.
He did not know how to act, ní raibh a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh.
a.To be adept in sth., at doing sth., bheith deas, deaslámhach, oilte, ar rud, ar rud a dhéanamh.
What do you advise me to do? cad é a mholfá dom a dhéanamh?
To advise s.o. against doing sth., comhairliú do dhuine gan rud a dhéanamh.
He is afraid to do it, ní ligfidh an eagla, an faitíos, dó a dhéanamh; tá eagla air é a dhéanamh.
To be over age (to do sth.), bheith thar an aois.
To agree to do sth., toiliú le rud a dhéanamh.
He is agreeable to do it, tá sé toilteanach ar a dhéanamh.
To aid s.o. to do sth., cuidiú le duine rud a dhéanamh.
I am fully alive to the honour they have done me, tá tuiscint mhaith agam ar an onóir a fuair mé uathu.
To allow s.o. to do sth., ceadú do dhuine rud a dhéanamh.
If you are anxious to do it, má tá fonn ort a dhéanamh.
To do sth. anyhow, rud a dhéanamh ar chuma éigin, rud a dhéanamh ar dhóigh ar bith (maith olc é).
He did not apply his mind to it, níor leag sé a intinn air.
To appoint s.o. to do sth., duine a thogha le rud a dhéanamh.
To appoint that sth. shall be done, cinneadh go ndéanfar rud; ordú go ndéanfar rud.
To be apt at doing sth., bheith oilte, deas, ar rud a dhéanamh.
He had arranged to do it, bhí sé leagtha amach aige é a dhéanamh.
To make arrangements to do sth., for sth. to be done, socrú le rud a dhéanamh, go ndéanfaí rud.
To ask to do sth., cead a iarraidh le rud a dhéanamh.
To ask s.o. to do sth., iarraidh ar dhuine rud a dhéanamh.
To assist s.o. in doing sth., cuidiú le duine rud a dhéanamh.
To associate with s.o. in doing sth., dul i bpáirt le duine i gceann ruda.
To make an attempt at sth., at doing sth., to do sth., iarraidh, iarracht, a thabhairt ar rud, ar rud a dhéanamh.
To give s.o. authority to do sth., údarás a thabhairt do dhuine le rud a dhéanamh.
I feel an aversion to doing it, tá drogall orm é a dhéanamh.
To do sth. right away, rud a dhéanamh ar an bpointe boise.
To do battle for s.o., dul i leith, i bpáirt duine; troid ar son duine.
What he did was to shout out, is é rud, séard, a rinne sé (ná) béic a chur as.
He was barely able to do it, ní raibh ann ach go raibh sé ar a chumas é a dhéanamh.
What is to be done? céard tá le déanamh?
It ought to have been done before now, ba chóir a dhéanamh, ba chóir dó a bheith déanta, cheana.
To begin to do sth., to begin doing sth., tosú ag déanamh ruda, ar rud a dhéanamh.
To beguile the time doing sth., an t-am a chur thart ag déanamh ruda.
It does not behove him to boast, is olc a oireann an mórtas dó; ní aigesean atá a bheith ag maíomh.
To make believe to do sth., bheith in ainm a bheith ag déanamh ruda, bheith ag cur i gcéill go bhfuil rud á dhéanamh agat. S.a. MAKE-BELIEVE.
Such amusements do not belong to his age, níl a leithéidí sin do chaitheamh aimsire ag cur lena aois.
I beseech you to do it, impím ort é a dhéanamh, agraím thú agus déan é.
He did his best to smile, rinne sé a dhícheall gáire a dhéanamh.
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith agus d'fhéadfadh sé.
To bethink oneself of doing sth., smaoineamh ar rud a dhéanamh.
To do sth. for better or worse, rud a dhéanamh, maith olc an lorg a bheas (bheadh) air.
To bind oneself to do sth., dul i mbannaí rud a dhéanamh.