Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: éirigh de · éirigh i · éirigh ó · éirigh · éidigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
léiriú áthais, i bhfocail nó i scríbhinn, do dhuine as mar a d'éirigh leis rud a dhéanamh
éirí nó a dhéanamh níos lú, giortú (muinchillí a chrapadh, do chosa a chrapadh; chrap sé sa níochán); seargadh (craptha le haois, le fuacht)
tarlú do (cad a d'éirigh duit?)
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
éirí fliuch nó a dhéanamh fliuch; a oiread is a dhéanfadh fliuch (tabhair fliuchadh mo bhéil dom)
clúdach (éadach a leathadh ar rud, im a leathadh); rolladh (taos a leathadh); leibhéal, leacadh (iarann a leathadh); oscailt amach (do ghéaga a leathadh); leathnú (coillte ag leathadh); scaipeadh (síol, gaineamh, a leathadh); éirí doiléir (tá a chaint ag leathadh air); a dhéanamh fuar (tá mé leata; leathfar ansin thú)
éirí ó thalamh de phreab (léim in airde ar chlaí); éirí, lingeadh, de dhroim ruda (léimfinn claí duit); tuirlingt de phreab (léim anuas de chapall); preabadh, bíogadh (léim sí as a codladh); eitilt (ag léim ó chrann go crann); sciorradh (ag léim ó scéal go scéal)
a dhéanamh nocht nó éirí nocht (do cheann, do chorp, a nochtadh); an chlúid nó an craiceann a bhaint de rud (cábla a nochtadh; coinín a nochtadh); taispeáint, foilsiú (rún a nochtadh; nó gur nocht an ghrian ar an aer)
suim airgid rialta a íoctar le duine tar éis éirí as obair dó
sroicheadh (gur ráinigh sé béal toinne); tarlú (ráinigh dó a bheith ann; ráiníonn sé go bhfuil deabhadh orm; ráineodh go mbeadh sé déanach); éirí (ráinigh leis an obair a chríochnú in am)
cur ó chéile, imeacht ó chéile, deighilt, dealú (lánúin a scaradh; do chosa a scaradh); leathadh (féar, móin, a scaradh); éirí as nó teacht as (scaradh leis an ól; is maith a scar tú leis)
spás (tabhair scóip dó); réim (scóip leabhair); fuadar (scóip chun oibre); áthas ceart, éirí croí (scóip i gcomhair na saoire)
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
a dhéanamh crua nó éirí crua do-bhlasta toisc a bheith coinnithe rófhada; cruachan, righniú (adhmad a stálú; seanlaoch stálaithe)
éirí teann nó a dhéanamh teann; feistiú, fáscadh, daingniú; coinneáil le (bhí sé ag teannadh dí leo); cur (teann ort do chuid éadaigh); dlúthú (bhí an tóir ag teannadh orthu); druidim (teann anall, isteach, liom; ag teannadh ar cheann scríbe)
an treo i gcoinne an phointe thuaidh, ar do dheis agus d'aghaidh ar éirí gréine
ar do chlé agus d'aghaidh ar éirí gréine, os coinne an phointe theas
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht