SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
crúca, baclainn; píosa adhmaid nó miotail sáite i mballa nó sa talamh le rudaí a chrochadh air nó a cheangal de
árthach cruinn domhain déanta de chláir adhmaid agus fonsaí timpeall orthu, nó de mhiotal; tiúb mhiotail gunna
píosa fada miotail nó adhmaid; an ráille ag a seasann príosúnach i dteach cúirte; dlíodóirí i gcúirt
gléas ceoil adhmaid a bhfuil fuaim tholl aige
maide, píosa fada caol adhmaid
suíochán fada adhmaid; bord oibre (binse siúinéara); suíochán breithimh i gcúirt dlí; bruach (móna); seilf (chloiche)
píosa fada díreach trom adhmaid
meall mór adhmaid nó cloiche nó miotail, ceap
liathróid adhmaid a úsáidtear i gcluiche bollaí nó scidilí
píosa iarainn nó adhmaid le doras nó geata a choinneáil dúnta
pionna adhmaid nó miotail sáite i mballa faoi sheilf
bothán adhmaid nó garbhábhair eile; seomra beag d'oifigigh nó do phaisinéirí ar bord loinge nó eitleáin
rud adhmaid i bhfoirm capaill a mharcaíonn páistí chun súgartha
carr a bhfuil sleamhnáin adhmaid nó miotail faoi chun sleamhnú ar shneachta
easnacha adhmaid i dtaobh báid
dhá shliogán adhmaid nó eabhair a chnagtar i gcoinne a chéile sa lámh mar thionlacan le damhsa, le hamhrán, agus le ceol giotáir
stumpa nó bloc adhmaid, cloiche etc.; stoc (tá sé ina cheap magaidh acu); múnla gréasaí chun bróga a dhéanamh nó a dheisiú; mol rotha; bloc (ceap tithe, ceap oifigí); leaba (ceap plandaí)
mias leata adhmaid; diosca ceoil
píosa trom adhmaid nó miotail ó cheann ceann báid fúithi thíos mar bhonn faoina creatlach
bata beag; blúire beag tanaí adhmaid chun tine etc.; aon ní cosúil le cipín (cipíní cos)
bruach farraige nó locha; cósta; cúil, carn (cladach éisc, adhmaid)
píosa tanaí leathan adhmaid (clár dubh, clár smúdála); bord, cuntar; clúdach pota nó bosca, claibín; dromchla leibhéalta (clár éadain, clár droma); machaire (clár Fódla); tábla, liosta (clár ainmneacha, clár ama); léiriú raidió nó teilifíse
scolb adhmaid etc. a chuirtear le géag bhriste chun í a choinneáil ina háit
fráma lataí nó tuigí; fráma adhmaid ar chúrsa ráis le léim ag reathaithe; paiste dearnála ar stoca; fráma agus spící miotail ann chun talamh treafa a bhriseadh agus a réiteach agus síolta a chlúdach, bráca fuirste
buille grod glórach; glór cosúil leis sin; cnap (cnag adhmaid, cloiche)
fás mór ard a bhfuil stoc is géaga is duilleoga air; polla, cuaille (crann loinge, crann brataí); lámh, stoc (crann spáide, crann speile); seafta, bíoma (crann deirice); fráma, déantús adhmaid (crann na páise, crann tógála); giota adhmaid a d'úsáidtí i gcrannchur (cuirimis ar chrainn é; ar mo chrann atá sé); adhmad (cos chrainn, saor crainn)
gabhlóg adhmaid agus sreang leaistice as gach beann de chun clocha beaga a chaitheamh leis
dreo adhmaid de cheal aeir
cros (an Chroch Chéasta); fráma adhmaid chun coirpigh a chrochadh air; fráma chun potaí a chrochadh air
cluiche ina dtiomáintear liathróidí adhmaid le buillí de mháilléad trí lúba iarainn ar léana
rud ar aon déanamh le + nó x; fráma mór adhmaid a gcrochtaí duine a bheadh daortha air fadó; siombail an chreidimh Chríostaí; angar, pionós (na crosa atá i ndán dúinn); cosc, bac (cros a chur in éadan ruda); dochar, millteanas (páistí ag déanamh cros)
coca nó stáca mór (cruach fhéir, cruach adhmaid); carn (cruach airgid)
polla (adhmaid, miotail nó coincréite) ina sheasamh cruinn díreach sa talamh; staic, post
meaisín a múnlaítear píosaí adhmaid nó miotail ann
triantán miotail nó adhmaid a chuirtear le rud chun é a fháscadh, nó isteach i rud chun é a scoilteadh
fráma fada agus céimeanna (nó rungaí) ann idir dhá phíosa fhada adhmaid nó miotail agus a chuirtear ina sheasamh le dreapadh air
áras adhmaid ar dhéanamh leathbhairille, tobán
ceann de na cnámha cuara a thagann ón gcnámh droma thart ar dhá thaobh an bhrollaigh mar chliabh cosanta; ceann de na lataí adhmaid i gcabhail báid
crann mór síorghlas Astrálach a bhfuil ardmheas air mar gheall ar a chuid ola, guma agus adhmaid
taca adhmaid nó cloiche os cionn dorais nó fuinneoige
píopa fada sorcóireach miotail nó gloine nó adhmaid; aon rud atá cosúil le feadán nó le tiúb (ar nós an feadán glóir sa scornach); lintéar nó gáitéar; glór feide nó fead; piachán
pionna adhmaid a gcastar snáth air agus é á shníomh; seafta rotha etc.; droim gainimh in uiscí taoide; véarsa, rabhcán
stráice caol adhmaid, miotail etc.; banda cinn; slis feola nó éisc agus na cnámha bainte aisti; fillteog
fuíoll adhmaid bharrdhóite
banda adhmaid nó miotail chun cláir bairille a choinneáil fáiscthe; banda miotail ar chiumhais rotha; roithleán
crann crua-adhmaid righin a ndéantar camáin etc. as
alt láir na coise idir an tsliasaid agus an lorga; líne daoine (an ghlúin óg); céim i sraith (glúin ghinealaigh); uillinn adhmaid
síol arbhair; grán, arbhar (mála gráinne); blúire de ghaineamh nó de shalann nó d'aon ábhar garbh mar sin; tomhas beag (gráinne siúcra); snáithe (adhmaid, cloiche) (i gcoinne an ghráinne)
barra beag adhmaid nó miotail le doras nó geata a dhúnadh
gréasán de lataí adhmaid agus iad ag trasnú a chéile