TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
baint bain2 rud a thochailt as an talamh nó a ghearradh nó a tharraingt den áit a bhfásann sé (clocha, féar, bláthanna a bhaint); rud a scaoileadh as a ionad nó as a ghreim (fuil, glas, a bhaint; duine a bhaint dá chosa); buachan ► baint amach stoitheadh (fiacail a bhaint amach); tobhach (fiacha a bhaint amach); tarraingt (gáire a bhaint amach); tuilleamh, fáil (clú a bhaint amach); sroicheadh (an baile a bhaint amach) ► baint do teagmháil le; cur isteach ar; tarlú do (bhain taisme dó) ► baint faoi fanacht mar a bhfuil, socrú síos (cá bhfuil tú ag baint fút?); ciúnú, ceansú (thug mé iarraidh baint faoi); tochailt faoi (tá an abhainn ag baint faoin mbruach) ► baint le cur isteach ar, teagmháil do; ceangal nó gnó a bheith ag rud le rud eile (ní bhaineann sé liom)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
druga a thugtar do dhuine chun a mhothú a bhaint de go sealadach
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
casadh (cor i mbóthar, i rópa, cor a bhaint as giorria); corraí (gan chor); babhta (cor iomrascála); caitheamh amach (cor lín); cás (cora crua an tsaoil, cad is cor dó?); camhrú (tá cor sa bhainne, san fheoil); (le ceol, rince) ríl (cor ochtair, cor na sióg); ord (as cor)
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
an bonn a bhaint ó rud (duine, crann, a leagan); caitheamh, iomrascáil; ísliú (seol a leagan); cur síos, cur in áit (cloch bhoinn a leagan; leag do lámh air); gearradh (leagadh cáin throm air); cur (leag ansin í, go leaga Dia an t-ádh ort); claonadh, lé (leagan a bheith agat le rud, leagan ó dheas)
maitheas, an rud is maith do dhuine (do leas a dhéanamh; duine a chur ar a leas); sochar (leas a bhaint as rud); aoileach, leasú
a dhéanamh nocht nó éirí nocht (do cheann, do chorp, a nochtadh); an chlúid nó an craiceann a bhaint de rud (cábla a nochtadh; coinín a nochtadh); taispeáint, foilsiú (rún a nochtadh; nó gur nocht an ghrian ar an aer)
focal beag a chuirtear roimh ainmfhocal lena thaispeáint cén bhaint atá aige le focal eile (mar shampla; ar, as, ag, do, de, i, ó etc.)
fad nó teannadh a bhaint as rud (sreang a shíneadh); searradh (do ghéaga a shíneadh); luí ar d'fhad (sín siar ansin); luí le nó cois (sínte le mo thaobh); éirí fada (tá an lá ag síneadh); cur amach (sín amach do lámh); leagan; pointeáil (shín sé a mhéar chuige); brú chun cinn (síneadh chun reatha)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
brí a bhaint as (teanga a thuiscint; tuigfidh tú as); aithint (tuigim do chás; tuigim duit; thuig mé go raibh deifir ort); glacadh le (ná tuig gurb aon amadán é); ciall a bheith agat dó (an té nach dtuigeann ceol); samhlú (tuigeadh dom gurbh é a dúirt é); fáil le fios (ní hé sin a thuig mé uaidh); eolas (aois na tuisceana; lucht na tuisceana); bá, nádúr (is beag tuiscint atá ann)