Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: caoir · caora · car · cor · Cairo
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
caor bain2 toradh beag cruinn súmhar a fhásann ar chrann ar thor (caor fíniúna, caor chon); rud lonrach beodhearg (caor thine, caor thintrí)
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
tor síorghlas agus caora corcra air as a ndéantar ola aitil
ar dheirge na caoire, ar lasadh
crann a bhfásann caora áille dearga air
(le crúba) scoilte ina dhá leath, mar atá ag , caora, muc etc.
tor crann síorghlas, duilliúr deilgneach air agus caora dearga
caora fíniúna triomaithe a chuirtear i gcístí milse
caora beaga dubha a ndéantar subh astu
ceann de na mílte meall beag a thaistealaíonn sa spás ar luas millteach (Feictear iad mar réaltaí reatha mar chaora tintrí toisc go lasann siad suas leis an bhfrithchuimilt nuair a shroicheann siad atmaisféar an domhain)
planda síorghlas agus caora péarlacha bána air a fhásann ar stoc ar bhrainsí crainn agus a úsáidtear mar chuid d'ornáidí na Nollag
deoch mheisciúil déanta as caor fíniúna
caor fíniúna, toradh glas dubh a itear leis féin, a úsáidtear chun fíon a dhéanamh
caora bhaineann bhliana
caor dhúghorm a fhásann ar thor beag i measc an fhraoigh
ainmhí cosúil le caora a bhfuil meigeall féasóige air
caor mhór dhearg cosúil le craobh mhór
crann a dtagann caora corcra air agus duilliúr is maith le seiriceáin a ithe
an glór a dhéanann caora
caora fhireann choillte
caor dhearg shearbh a fhásann ar thor beag sa sliabh
an brat tiubh teolaí clúimh a fhásann ar chaora (éadach olla); mothall gruaige; aon ábhar éadrom lomrach cosúil le holann (olann chruach)
teas reithe ar chaora
caora fhireann gan choilleadh
éan beag ceoil a itheann síolta agus caora
caor fíniúna thriomaithe a chuirtear i gcístí, i maróga etc.
tor deilgneach a dtagann bláth geal bándearg san earrach air agus caora dearga san fhómhar (Tugtar sceach gheal air freisin); dris
caor sceiche
caor ghlas a mbíonn spíonta deilgne beaga amuigh air
moll, mogall, (caor, bláthanna, gruaige etc.); eireaball (gúna etc.)
tor crann a thugann caora dúchorcra
caora óg faoi bhun bliana
mála an bhainne ag ainmhithe mar an bhó, an chaora etc.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht