SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
féasóg, gruaig, olann, féar, etc. a ghearradh
brat tiubh olla ar leaba chun teasa
éadach olla agus patrún páircíneach ann
garbhéadach olla a bhfuil fí chorráin air
olann shíodúil an-bhog nó an t-éadach a dhéantar aisti
ainmhí athchogantach de chineál an ghabhair a thugann olann agus feoil dúinn
gléas chun olann a chíoradh nó a chardáil
cíoradh olla; cíoradh ceiste
maide ar a gcastar slám lín nó olla sula sníomhtar ina shnáth é; caoluisce
blaosc chrua (crotal cnó); saghas caonaigh a úsáidtear le dath a chur ar olann
loca nó triopall gruaige, olla etc.; corda, corna
brat olla caorach, mothall gruaige
snáth mín fíneálta sníofa as olann fhada chíortha; éadach as an snáth sin
éadach láidir (olla) agus iomairí fíneálta ann
sórt róba gan mhuinchillí a chaitheann baill d'oird chrábhaidh mar chuid dá n-aibíd; dhá chearnóg bheaga d'éadach olla a chaitear ar sreang thart ar an muineál sa tslí go mbíonn ceann acu ar ucht duine is an ceann eile idir na slinneáin, in ómós don Mhaighdean Mhuire, etc.
triopall (olla, etc.); mám, lámh (slám coirce); suim mhór (slám airgid); néal, scailp (slám ceo, slám den mhí-adh)
ábhar fuála nó cniotála nó fíodóireachta déanta ina shnáitheanna as olann nó as cadás etc.; fíochán, líon (snáth damháin alla)
snáth a dhéanamh as olann, cadás etc. trína tharraingt agus a chasadh; casadh, fí (gad a shníomh); tarraingt, strus, teannadh (sníomh droma); imní (sníomh croí)
sracadh chugat nó leat (rópa, cairt, a tharraingt; tarraing suas do bhríste ort); iompar (ag tarraingt cloch, móna); piocadh (clúmh, olann, a tharraingt); baint (fiacail a tharraingt); tógáil (ag tarraingt piontaí, fíona; ticéad, cárta, a tharraingt); fáil (pá, pinsean, a tharraingt); sú (anáil a tharraingt; doras ag tarraingt gaoithe; bád ag tarraingt uisce; píopa a tharraingt); rianú, gearradh (líne, léarscáil, a tharraingt); tabhairt, tógáil (trioblóid a tharraingt; tharraing scéal scéal eile); gabháil (ag tarraingt thar toinn; tarraing isteach chun an bhoird); lua (scéal a tharraingt anuas, a tharraingt ort); cur ceangailte i (ná tarraing d'athair orainn); bualadh (tharraing sé cic air); druidim le (tá sé ag tarraingt ar an mbaile, ag tarraingt ar an Nollaig); mealladh (tá tarraingt súl inti; eolas a tharraingt as duine); aontú, comhoibriú (tá siad ag tarraingt go maith le chéile); cúlú (tarraingt siar as rud); teacht, fáil (tá tarraingt ar airgead aige); slogóg (d'ól sé a tarraingt a chinn de); síneadh (bain tarraingt as)
éadach mín láidir de shnáth cíortha fada olla, mustairt