SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
cosán fairsing idir chrainn isteach go dtí teach mór; sráid fhairsing agus crainn ar an dá thaobh di go minic
leaba luascáin de líontán nó de chanbhás agus í crochta le rópaí ar gach ceann di
iris nó leabhar a bhfoilsítear eagrán di uair sa bhliain
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
spásárthach, nó cuid di, atá iomlán inti féin
arm troda agus lann fhada fhaobhrach air, bior ar cheann amháin di agus doirnín ar an gceann eile
só, suaimhneas; sólás (is mór an compord di é)
díbirt as nó cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir sí an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!)
a léiríonn scaradh etc. (bain di é; scoir sé den obair); greamú, leanúint etc. (ceangail den chrann é; ná lean den chaint sin); suíomh (taobh thall den abhainn); bunús (duine de na Gearaltaigh; earraí de dhéantús na hÉireann); ábhar, líon (déanta d'adhmad; lán de dhaoine); cineál (amadán de dhuine, a leithéid de lá); cuid (an chéad lá den mhí; duine díobh); modh, meán (éirí de léim, briseadh de thaisme é); méid, oiread (ní raibh sé de chiall aige fanacht); mar iarthagairt (maidir liomsa de; ní fearr liom rud de); cúis, fáth (dá bhrí sin, dá bharr sin); fad aimsire (de shíor, de ghnáth); de + a4 = dá4 ; de + an = den; de + ar = dar3 ; de + ár2 = dár1 ; de + ar3 = dár2
íonú a dhéanamh ar leacht trí ghal a dhéanamh ar dtús de le teas agus ansin an ghal a fhuarú chun leacht a dhéanamh ar ais di (is mar sin a dhéantar fuisce agus poitín); ligean do leacht titim ina bhraonta
a bhaineann leis an tír gan dul taobh amuigh di
cruimh nó feithid tar éis di an ubh a fhágáil agus í fós gan a bheith fásta (larbha féileacáin)
bean a thógann leanbh nár saolaíodh di féin
aibítir ársa Cheilteach agus gach litir di ainmnithe ó chrann
lán de rómánsaíocht nó tugtha di
cruimh a ndéanann féileacán nó leamhan di
an chuid de thír, nó na daoine sa chuid sin, a seasann Teachta Dála di
cloch ghlasghorm a ndéantar seoda di