SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
cur i bhfolach, coinneáil faoi rún (an fhírinne a cheilt); cosc (ná ceil a chuid air); séanadh (do mhuintir a cheilt)
páirt, roinnt (déan trí chuid de); cion duine amháin (sin é do chuid de; mo chuid éadaigh; iníon dá chuid); ábhar (tá cuid súl inti, ní cuid iontais é); bia, beatha (do chuid a chaitheamh; ag tuilleamh a choda)
leacht a dhéanamh de rud, rud a imeacht ina leacht, le teas (im a leá, sneachta ag leá); maolú, bogadh (leáfadh sé do chroí); imeacht as, scaipeadh (leáigh mo mhisneach, mo chuid airgid)
a dhéanamh léir, míniú; cur in ord, socrú (do chuid oibre a léiriú); críochnú (béile a léiriú); cur i láthair nó ar stáitse (dráma a léiriú)
tomhas (ualach a mheá; do chuid cainte a mheá); meas (ná meáigh gur amadán mise agat); scála tomhais (cuir sa mheá é; idir dhá cheann na meá); meáchan, tomhas áirithe (meá chruithneachta)
ponc (a haon pointe a dó); céim; spota, nóiméad (pointe fiuchta; d'imigh sé ar an bpointe); bior, rinn (pointe bioráin, pointe tíre); mír, sonra (argóint pointe ar phointe); aird de chuid an chompáis; scór i gcúrsaí spóirt (báire is dhá phointe)
an chuid den aghaidh a thugann anáil agus boladh do dhuine nó d'ainmhí; gob, soc (srón báid, carraige); cumas bolaíochta (madra gan srón)
éirí teann nó a dhéanamh teann; feistiú, fáscadh, daingniú; coinneáil le (bhí sé ag teannadh dí leo); cur (teann ort do chuid éadaigh); dlúthú (bhí an tóir ag teannadh orthu); druidim (teann anall, isteach, liom; ag teannadh ar cheann scríbe)
an chuid de thír, nó na daoine sa chuid sin, a seasann Teachta Dála di
saothrú (airgead, buíochas, a thuilleamh); pá, tuarastal (mo thuilleamh bliana); gnóthú (do chuid, do bheatha, a thuilleamh)
tosach; an chéad chuid; tosaíocht (tús áite a thabhairt dó); togha (tús an phota)
faoi, timpeall (um thráthnóna, um Cháisc); ar (do chuid éadaigh a chur umat)