Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He told us all his adventures, d'aithris sé a chuid eachtraíochta dúinn.
To allow s.o. his expenses, a chuid costas a thabhairt do dhuine.
To allow s.o. time to pay his debts, spás a thabhairt do dhuine lena chuid fiacha a íoc.
To bleed for one's country, do chuid fola a dhoirteadh ar son do thíre.
F: To blue one's money, scallán a chur i do chuid airgid, dustaí a thabhairt do do chuid airgid.
To speak by the book, urra a chur le do chuid cainte.
F: To cry stinking fish, do chuid earraí féin a chuileáil.
His services are highly paid, tá íocaíocht mhór dó as a chuid oibre.
Give him his, tabhair dó a chuid.
To hurt s.o.'s interests, dochar a dhéanamh do dhuine ina chuid.
To infringe a patent, do chuid féin a dhéanamh de phaitinn.
To earn one's keep, do chuid a shaothrú.
To measure one's words, do chuid cainte a mheá.
To part with one's money, do chuid airgid a íoc.
To go nap on a horse, do chuid den saol a chur ar chapall.
To publish one's observations on . . ., do chuid tuairimí ar . . . a fhoilsiú.
To eat off a silver dish, do chuid a ithe as soitheach airgid.
To put on one's clothes, do chuid éadaí a chur ort.
To get back, recover, one's outlay, do chuid caiteachais a thabhairt isteach.
To put one's books in pawn, do chuid leabhar a chur i ngeall.
To pay up one's debts, do chuid fiacha a íoc, a ghlanadh.
To persevere with one's work, a bheith buanseasmhach i gceann do chuid oibre.
To pitch one's aspirations too high, do shúil a chur thar do chuid.
To polish up one's French, craiceann a chur ar do chuid Fraincise.
To open one's post, do chuid litreacha a oscailt.
To say one's prayers, do chuid paidreacha a rá.
To study profitably, toradh a bheith ar do chuid staidéir.
To purge away, purge out, one's sins, tú féin a ghlanadh ó do chuid peacaí.
To work to good purpose, toradh (maith) a bheith ar do chuid oibre; obair chríochnúil a dhéanamh.
To put milk in one's tea, bainne a chur ar do chuid tae.
To put one's thoughts into words, focail a chur ar do chuid smaointe.
To roll one's r’s, do chuid r-anna a choinneáil ag bualadh.
To round off one's sentences, bailchríoch a chur ar do chuid abairtí.
To rub up one's Greek, an mheirg a bhaint de do chuid Gréigise.
To have a run for one's money, ceol a bhaint as do chuid airgid.
F: To allow one's knowledge to rust, do chuid eolais a ligean chun dearmaid.
Share and share alike, a chuid agus a chomhroinn do gach aon duine.
To share and share alike, a chuid agus a chomhroinn a thabhairt do gach aon duine.
F: To shell out one's money, to shell out, an scór a íoc; do chuid airgid a chaitheamh.
To skim the cream off sth., an chuid is fearr a thógáil duit féin.
To spoon up one's porridge, do chuid leitean a itheadh suas le spúnóg.
To finish your studies, do chuid léinn a chríochnú.
To take off one's clothes, do chuid éadaí a bhaint díot.
To take up an idea, do chuid féin a dhéanamh de smaoineamh.
To keep a watch on one's tongue, airdeall a choinneáil ar do chuid cainte.
To trifle away one's money, do chuid airgid a dhiomailt.
F: To trot out one's knowledge, do chuid eolais a chur os ard.
To tumble into one's clothes, do chuid éadaí a chaitheamh ort féin.
F: To pour out the vials of one's wrath, srian a ligean le do chuid feirge.
To waste one's substance, gaoth a thabhairt do do chuid maoine.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht