SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
focail i ndiaidh a chéile a dhéanann ráiteas iomlán (tá siad ag teacht, fág ansin é, cá bhfuil siad anois? fuist, a dhuine!)
i ndán do (an rud atá in áirithe do dhuine); fágtha le haghaidh (tá an t-airgead sin in áirithe don chíos; chuireamar suíocháin in áirithe dúinn féin)
sceimhle tobann a fhágann duine gan breith ar a chiall aige; scaoll, líonrith
fágáil gan chaint; a dhéanamh balbh
an leacht a bhíonn fágtha nuair a bhaintear im de bhainne
aicíd ghéar thógálach a ngabhann fiabhras ard agus puchóidí léi a fhágann a lorg ar aghaidh duine
na calóga a bhíonn fágtha nuair a dhéantar plúr den ghrán
fuílleach atá fágtha de rud dóite nó ídithe (cnámhóg ghuail)
craiceann crainn; dath coirte, crón; brat salachair; screamh (fágann tae coirt ar chupaí)
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir sé a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe (ná cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit)
duine a fhágann a chustam in áit nó i siopa áirithe
lí nó cosúlacht ruda nuair a bhíonn solas air (dath dearg, dath buí, dath gorm, dath glas); dealramh (dath na fírinne); dada, faic (níl a dhath, aon dath, fágtha)
tuile mhór a fhágann talamh faoi uisce (díle bháistí, díle deor); farraige
imeacht ó áit nó ó rud; ligean do rud fanacht, nó é a chur, mar a bhfuil sé (doras a fhágáil dúnta; fuílleach a fhágáil); titim siar, teip (fágadh sa rás é); cur nó gan a chur san áireamh (fágann sin gur fíor é); laige, locht (tá fágáil éigin ann); geasa (d'fhág sé na fágálacha sin orainn)
fanta, tréigthe, ar gcúl; cúlánta, gan fuinneamh, gan treoir, gan mhaith (is fágtha an duine é)
a bhfuil fágtha nó fanta; farasbarr, barraíocht (tá fuílleach ama againn); iarmhéid (i gcúrsaí tráchtála etc.)
aon rud a dhéantar, beart (gníomh fill, gníomh gaisce); feidhm (rud a chur i ngníomh); cumas (tá gníomh fágtha fós ann)
fágtha, fanta; chun deiridh (le hobair etc.)
(sa ghramadach) cáilíocht ainmfhocail a fhágann de ghnáth gur féidir é a rá leis nuair atá sé firinscneach agus í nuair atá sé baininscneach (Níl aon inscne neodrach sa Ghaeilge anois)
bearna (i bhfiacla, i mbéal faobhair etc.); bearna a fhágann greim ina dhiaidh, nó an greim féin
an leacht a bhíonn fágtha nuair a bhaintear an gruth as bainne
ceann de na mionghrúpaí adamh as a bhfuil substaint ar bith déanta; an mhír ranna is lú i substaint a bhfuil nádúr na substainte fágtha inti
rud deas a rá nó a deirtear faoi dhuine nó faoi rud (mol an óige, bhí moladh mór acu air); móradh (ag moladh Dé, moladh le Dia); comhairliú (mhol mé dó é a dhéanamh); cur chun tosaigh le haghaidh díospóireachta (rún a mholadh); breithiúnas (fágaim faoi do mholadh féin é); caint nó salm molta (moladh mairbh); aontú (ní raibh sé ach ag moladh leat)
galar aigne a fhágann duine faoi shíorneirbhís
a bhfuil fágtha gan íoc nó gan chúiteamh nó gan déanamh
cur nó imeacht faoi sheol; fágáil calaidh; cur chun bealaigh (litir a sheoladh chuig duine); stiúradh, treorú (ag seoladh na mbó; cad a sheol anseo é?); rith, imeacht, cúrsa (chuir sé seoladh faoin scéal); ainm nó uimhir tí, sráide, baile etc. a bhfuil cónaí ar dhuine ann (m'áinm is mo sheoladh); cur i láthair an phobail (leabhar a sheoladh)
focal a úsáidtear ag fágáil slán ag duine nó ag áit; eascaine neamhdhíobhálach (shoraidh díot!)
fágtha, le spáráil (airgead spártha)
achar (fág spás eatarthu); fad (spás orlaigh); slí, fairsinge (spás do na cathaoireacha); an réigiún spéire atá i bhfad amach agus gan aon aer ann; seal ama (tabhair spás beag eile dom); coiscéim
duine atá fágtha i ndiaidh na coda eile; moilleadóir, righneálaí
taom tobann tinnis a fhágann pairilis ar dhuine; greim goile, treighid
an chuid de rud atá fágtha nuair atá an phríomhchuid de gearrtha nó caite (stumpa fiacaile, coinnle); cos (cabáiste); rud mór dá chineál (stumpa bréige, amadáin)
an leacht i dtoradh nó i nglasra etc. (sú oráiste, sú crainn); fuinneamh, brí (níl mórán sú fágtha anois ionam)
fágáil, teitheadh nó imeacht ó (áit, cúis, a thréigean); ceiliúradh, teip (dath nach dtréigeann; thréig ar an misneach aige)
an marc (') a thaispeánann litir a bheith fágtha ar lár i bhfocal (d'oscail; sin é m'athair)
substaint cosúil le péint a chruann agus a fhágann gléas in adhmaid, i moital etc.;