SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
rud a chur i do bhéal féachaint cén blas atá air; beagáinín de bhia nó de dheoch
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
do shúile a leagan ar rud, féachaint, amharc
coimeád; féachaint i ndiaidh (teach, caoirigh, a choinneáil); cothú (bia a choinneáil le duine; deoch a choinneáil te); stóráil (earraí a choinneáil); gan a ligean uait (greim a choinneáil); srianadh (duine a choinneáil i bpríosún); comhlíonadh (an tsaoire, d'fhocal, a choinneáil)
cruth, déanamh; dealramh, féachaint (cuma na hoibre; níl cuma ná caoi air); slí, dóigh (ar chuma éigin, ar aon chuma)
soilsiú, taitneamh; loinnir; féachaint, cosúlacht
féachaint, amharc; fadbhreathnaitheacht; aigne, an bealach ina mbreathnaíonn duine ar rud
aire, coimhéad (faire na hoíche); breathnú, féachaint; bheith ag súil le rud (ag faire ar bhus); bheith ar tí nó i riocht rud a dhéanamh (ag faire ar thitim); tórramh
breathnú, amharc; dealramh (ag féachaint go maith; is olc an fhéachaint atá air); triail, tástáil (cuisle a fhéachaint; féachaint a chur ar dhuine); iarracht bheag, blaiseadh (féachaint den fheoil a fháil)
breathnú nó féachaint go géar; scrúdú, cigireacht; scrúdú ar chuntais airgid
gléas cosúil le feadán, agus scátháin nó lionsaí ann, a úsáidtear i bhfomhuireáin nó i dtrinsí féachaint cad tá ar bun lastuas
líníocht gharbh d'fhoirgneamh, de bhaile etc., amhail is dá mba ón aer a bheifí ag féachaint air; scéim nó seift
cumas nó acmhainn feiceála (níl an radharc go maith aige); raon amhairc (fad mo radhairc uaim); féachaint, amharc (ní fhaca mé aon radharc air); an rud a fheictear, feic (radharc mara, tíre; is gránna an radharc é); díol súl, neart (bhí radharc daoine ann); súil(e) (an taobh geal dá radharc); cuid amháin de ghníomh i ndráma
duine atá ceaptha le féachaint chuige go dtugtar feidhm d'uacht; bardach, fear faire; duine bocht truamhéalach
dul siar ar rud (ceist uimhríochta, mar shampla) féachaint an bhfuil sé i gceart
féachaint go dána ar dhuine nó ar rud ar feadh tamaill gan an tsúil a thógáil de
beag, mion; bocht, ainnis (gníomh suarach; duine ag féachaint go suarach)
ceann de dhá bhall radhairc an choirp; féachaint, amharc (súil fhiata, mhillte; coinnigh súil air); coinne, dóchas (tá súil abhaile leis; ní raibh sé ag súil leis sin); rud i gcosúlacht súile (súil an lae; súil ghloine); oscailt, béal (súil droichid, súil na gaoithe)
sprid, gósta; dealramh, féachaint (is mó a thairbhe ná a thaibhse); mustar, mórchúis