Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: farraige
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
sruth mór uisce a ritheann isteach i loch nó san fharraige
farraige mhór
éan mór fadsciathánach as farraigí an domhain theas
aigéan, farraige mhór
cloch mhór; cloch thalún nó farraige
tuile mhór a fhágann talamh faoi uisce (díle bháistí, díle deor); farraige
éan mór farraige a bhfuil sciatháin fhada air agus dath glas agus bán de ghnáth (Tugtar faoileog agus faoileann air freisin)
broigheall, éan mór dubh farraige a thumann ar thóir a choda
an t-éan farraige is mó ar chóstaí na hÉireann
an siorc is mó san fharraige
árthach mór a théann thar farraige
an t-ainmhí is mó san fharraige
an fharraige mhór
inbhear mór farraige
meallta móra oighir ar snámh san fharraige
ainmhí farraige cosúil le rón mór agus dhá starrfhiacail as a bhéal
áit le foghlaim ó mhúinteoirí; teach scoile, baill scoile; dream daoine leis na tuairimí céanna (go mór mór i bhfealsúnacht, in ealaín, i gceol etc.); ráth éisc nó ainmhithe farraige (scoil mhuc mara)
an fharraige (mhór)
aon áit taobh amuigh de bhaile mór nó de chathair; aon talamh nó náisiún ar leith (an Fhrainc, an Spáinn - dhá thír san Eoraip); ceantar, réigiún (sa taobh tíre seo); talamh (i gcomórtas le farraige) (dul i dtír, rudaí a chur i dtír); tuath (ceol tíre; buachaill tíre)
brúcht mór farraige de thoradh creatha talún ar tóin poill
líon nó eangach ar dhéanamh an phóca agus béal mór air a dtarraingíonn bád ina diaidh é ar thóin na farraige
iasc mór farraige de chineál na leathóige agus ardmheas air mar bhia
toirtís mhór go háirithe ceann a mhaireann ar an bhfarraige
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht