SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
in áit nó i suíomh áirithe (ar neamh, ar scoil, ar do ghlúine, ar tosach nó ar deireadh); i staid áirithe (ar meisce, ar crith, ar sodar, ar do shuaimhneas, ar thoil Dé); faoi théarmaí áirithe (ar iasacht, ar cíos, ar phunt an ceann, ar mhaithe leat féin); i gcosúlacht (ar dhéanamh báid, ar dhath an óir); de réir (duine ar dhuine, céim ar chéim); agus ar mhórán slite eile (doras ar sheomra, faobhar ar scian, ceanúil ar pháistí, tá an t-ádh orainn, bhí fiacha troma air, ná bíodh eagla ort, etc.); ag tagairt d'aicsean i leith (seasamh, siúl, satailt, ar; ardú, doirteadh, aimsiú, ar; roinnt ar; ceilt, cosaint, ar; mhill siad an lá orainn; ná cuir as an solas orm); feidhmiú na gcéadfaí nó na hintinne (féachaint ar; smaoineamh ar; labhairt ar, glaoch ar; achainí ar)
an phearsa scoile atá freagrach as na múinteoirí agus na mic léinn ar fad
scrúdú clabhsúir na scoileanna iarbhunoideachais
seaicéad dathannach a chaitheann lucht scoile, spóirt etc.
scoil náisiúnta do pháistí
scoil a múintear ceirdeanna inti
coinneáil; taisce, cosaint (rud a chur i gcoimeád); bac, stopadh (leanbh a choimeád ó scoil; ná bí do mo choimeád níos sia); fanacht i (an leaba a choimeád)
leabhar chun obair scoile a scríobh ann
compántas le pribhléidí agus le dualgais áirithe (coláiste na gcairdinéal); scoil mhór neamhspleách laistigh d'ollscoil; meánscoil nó ardscoil mhór
oideachas do bhuachaillí agus do chailíní sa scoil chéanna
cur fút, maireachtáil (áit chónaithe, scoil chónaithe); suan, suaimhneas (na páistí a chur faoi chónaí); stad, stopadh (ní dhearna sé stad ná cónaí)
cúrsa staidéir, go háirithe i scoil nó in ollscoil
an bealach nó an treo ina ngluaiseann rud, turas timpeall (cúrsa na gréine; tá a chúrsa rite); raon, réimse (cúrsa scoile, cúrsa staidéir); rud, ní (cúrsaí an tsaoil, cúrsaí airgid); cúis, cás (ní cúrsaí magaidh é); ócáid, uair (bhí mé ann cúrsa)
scoil a bhaineann le cúrsaí nó cultúr na gnáthmhuintire
institiúid; áras poiblí (ar nós scoil, ospidéal etc.)
fógra ginearálta, gairm scoile
glao, scairt (gairm na cuaiche); fógra tionóil (gairm scoile, gairm slógaidh); cuireadh chun seirbhíse (tá gairm ó Dhia aige); ceird (gairm bheatha); gáir mholta (mo ghairm thú!)
scoil ina múintear cúrsaí ceirde mar aon le hábhair ghinearálta
scoil atá díreach níos airde ná bunscoil
iarraidh, lorg (bheith san iarratas, ag iarratas); cur isteach go foirmiúil (iarratas ar phost, ar cheadúnas); éileamh, trácht (níl aon iarratas ar bheithígh); lorg síntiús (iarratas do scoil nua, ag bailiú iarratas)
ag freastal ar chineálacha éagsúla creidimh (scoil idirchreidmheach)
duine a léann; leabhar scoile
duine a bhíonn ag déanamh staidéir ar ábhar léinn, go háirithe ar scoil nó ar coláiste
fear atá i gceannas ar dhaoine eile (ag obair do mháistir); múinteoir (máistir scoile); duine sároilte (tá sé ina mháistir ar a cheird); duine a bhfuil céim ar leith ó ollscoil aige (Máistir Ealaíon)
stíobhard (maor loinge); coimeádaí (maor stóir); báille (maor uisce); saoiste (maor oibre); caomhnóir (maor géim); suirbhéir (maor cánach); ceannaire (maor scoile); oifigeach airm is airde céim ná captaen
fánaíocht thart; dul ar teitheadh ó scoil
scoil ar leith do naíonáin
léann, foghlaim, go mór mór ar scoil nó i gcoláiste
scoil ardoideachais agus cumhacht aici céimeanna a bhronnadh
scoil chun freastal ar an bpobal uile i gceantar
scoil ina múintear réimse leathan ábhar, go mór mór ábhair theicniúla
duine atá ina cheann ar choláiste nó ar scoil
grúpa daoine den aon aicme amháin, mar shampla páistí sa bhliain chéanna ar scoil; líne daoine; céim (tá siad ar aon rang amháin)
scoil éisc ag cluicheadh ar barr uisce
ábhar ar bith atá fillte thart air féin i bhfoirm feadáin (rolla páipéir, éadaigh); liosta ainmneacha (rolla scoile)
duine léannta (scoláire Laidine); páiste scoile
roinn inmheánach de theach (seomra leapa; seomra scoile)
leabhar (scoile, de ghnáth) a thugann eolas bunúsach faoi ábhar
ceann stáit i bpoblacht; ceann oird rialta nó scoile nó cumainn