Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: earraigh · faraire · fairrge · féaraigh · gargaire
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
farraige bain4 an réimse mór sáile a chlúdaíonn formhór an domhain; muir; sáile
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
sruth mór uisce a ritheann isteach i loch nó san fharraige
farraige mhór
éan mór fadsciathánach as farraigí an domhain theas
oscailt leathan don fharraige i gcósta; réimse farraige; spás siar i mballa; sraith
bád speisialta le daoine a shábháil ar an bhfarraige
(le farraige) ciúin socair
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
aigéan, farraige mhór
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí nó oibre nó imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid nó loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
at, fás, dul i méid; stoirm farraige, suaill
briseadh; bruth farraige; aiseag
teileagram a sheoltar trí chábla faoi thalamh nó ar thóin na farraige
iasc farraige atá leathchosúil le trosc beag
sruth caol farraige idir dhá thalamh; caolas
léarscáil farraige mar aon le cóstaí, taoidí, doimhneacha agus tanaíocha, agus baill chontúirteacha eile; cáipéis scríofa oifigiúil ina dtugtar cearta agus pribhléidí, go háirithe ceann a thagann ó cheann stáit nó ó rialtas (cairt baile, cairt cathrach)
éan farraige atá cosúil le faoileán
góilín uisce nó farraige, caolas
cloch mhór; cloch thalún nó farraige
rinn talún ag gobadh amach san fharraige
bruach farraige nó locha; cósta; cúil, carn (cladach éisc, adhmaid)
carraig nó smut de charraig; seoid (cloch uasal); aon rud cosúil le cloch (cloch phluma, cloch shilín; cloch dhuáin); aonad meáchain = 14 pt. nó 6.35 kg.; cladach (iascach cois cloiche); carraig san fharraige; magairle
iasc farraige atá inite
beart earraí le seachadadh de bhóthar, d'aer, d'fharraige etc.
stuif crua ar dhathanna éagsúla a fhaightear ar ghrinneall farraigí áirithe, agus arb é creatlacha mhiondúile na farraige sin é
iasc farraige de chineál an troisc
imeall na talún cois farraige
cnaí, ithe, snoí (an fharraige ag creimeadh an chósta)
cros bheag; ainmhí beag farraige a bhfuil cúig mhéar air agus é cosúil le réalta
iasc farraige (Tugtar glasán air freisin)
rud nó ábhar dearg; talamh treafa; iasc dearg farraige
ainmhí somhúinte farraige óna 8 go 10 dtroithe ar fad agus é cosúil le muc mhara
tuile mhór a fhágann talamh faoi uisce (díle bháistí, díle deor); farraige
an-fhada síos nó isteach (domhain i bhfarraige, sa sliabh); isteach go maith (dul go domhain i scéal); go bunrúta (staidéar, eolas, domhain); siar nó mall (domhain san oíche); deacair a léamh nó a dhéanamh amach (is domhain an duine é)
poll nó scoilt an-domhain; domhain farraige nó talún; áit etc. i bhfad thiar nó thíos (i nduibheagán na hoíche, an éadóchais)
éan mór farraige a bhfuil sciatháin fhada air agus dath glas agus bán de ghnáth (Tugtar faoileog agus faoileann air freisin)
breac farraige a itear go coitianta
dul chun farraige, mairnéalacht
fáis farraige, feamnach
broigheall, éan mór dubh farraige a thumann ar thóir a choda
duibheagán, an chuid is doimhne (i bhfodhomhain na farraige, na hintinne)
éan farraige, cánóg bhán
an t-éan farraige is mó ar chóstaí na hÉireann
éan farraige cosúil le faoileán beag agus eireaball gabhlógach air
éan beag de chineál an ghealbhain; iasc farraige, crothóg
géag bheag den fharraige, gaoth
an talamh faoi loch nó faoin bhfarraige, tóin poill (chuaigh an long go grinneall); buncharraig, bunsraith talún (rómhar go grinneall)
faoileáil, foluain thart; corrthónacht, guairneán; éan beag fiáin farraige agus sciatháin fhada air
(le bád, farraige) is féidir a sheoladh; (le haimsir) oiriúnach chun seoltóireachta
bia a chaitheamh; greim bia (tá ithe agus ól ann); cogaint (ag ithe a chuid ingne); creimeadh (an fharraige ag ithe an chósta); feannadh, sciolladh (íosfaidh siad a chéile); slogadh (bhí sé ag ithe na cainte); marú, céasadh (ite ag an tochas, ag an éad); (le farraige) imeacht ina briotaí, oibriú go sceanúil
iasc garbh farraige agus é fada caol
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht