Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: fás · fású · ás · · fág
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
fás- réimír bréige, falsa, folamh (fáschíle, fáschreideamh)
fás1 fir1 éirí mór nó ard; teacht féir nó plandaí; forbairt (le fás an léinn, an eolais); toradh an phróisis sin, planda, slat; síolrú (an dream ónar fhás sé)
fás2 aid1 folamh, gan feidhm; fiáin, rábach
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
fás nua i bplanda tar éis a aibithe; athfhéar
féar nua ag fás san áit ar baineadh féar cheana
ar dhath an tsneachta nó an bhainne; fionn (gruaig bhán); báiteach (bán san aghaidh); folamh (tá an áit bán); díomhaoin, fiáin (ag imeacht bán); gan aon bharr ag fás air ach féar (talamh bán)
láidir, garbh (caint bhorb); fiata (súil bhorb); tréan (tine bhorb); láidir le blaiseadh (bia borb); fiáin (fás borb)
at, fás, dul i méid; stoirm farraige, suaill
ag fás go gasta nó go tréan
níos mó ná an cothrom, tuilleadh; níos mó ná a ceapadh nó mar is gá; fás, biseach; iomarca (breis ualaigh)
géag chaol a bheadh ag fás as íochtar planda nó crainn; ógánach caol ard
fás deilgneach a bhfuil gais agus craobhacha láidre air a stórálann uisce
teacht in aois; fás, forbairt
fás beag íseal glas gan bhláth a thagann ina phaistí in áiteanna taise
fás sléibhe a mbíonn ceann bog bán clúmhach air
crainn ag fás le chéile; foraois
fás mór ard a bhfuil stoc is géaga is duilleoga air; polla, cuaille (crann loinge, crann brataí); lámh, stoc (crann spáide, crann speile); seafta, bíoma (crann deirice); fráma, déantús adhmaid (crann na páise, crann tógála); giota adhmaid a d'úsáidtí i gcrannchur (cuirimis ar chrainn é; ar mo chrann atá sé); adhmad (cos chrainn, saor crainn)
(le talamh) cur, curadóireacht; barra ag fás
éirí dubh nó a dhéanamh dubh (dhubhaigh an spéir, a ghnúis); (le barr ag fás) galar dubh; brón, briseadh croí
foraois a bhfuil an fás chomh tiubh sin inti gur deacair gabháil tríthi
fás cladaigh, agus dath crón air, a itear
fás nó caonach cloch a d'úsáidtí chun dathaithe
duillí le chéile ag fás ar chrann
an séasúr a leanann an geimhreadh nuair a thosaíonn plandaí ag fás; obair earraigh
a eascraíonn, atá ag fás go tiubh
fás glas a ghreamaíonn de bhalla (Tugtar eidheann air freisin)
fás, forbairt
teacht chun cinn, forbairt, fás (éan ag fabhrú san ubh)
réigiún gan uisce agus gan aon ní ag fás ann; áit atá bánaithe ar fad; áit a bhfuil fás fiáin féir ann
ag borradh is ag fás; a mhúsclaíonn fás
an fás glas a chlúdaíonn goirt agus páirceanna agus a n-itheann ainmhithe é
féar ag fás
na plandaí uile atá ag fás i réigiún; liosta tuairisciúil díobh
fás, borradh; dul chun cinn
atá ag fás, ag borradh; atá ag dul chun cinn; ábalta; réasúnta maith; dea-dhéanta
fás beag crua síorghlas agus milleanna bána nó corcra air
cur ag fás, tosú ar fhás; socrú síos (fréamhú in áit; gaoth ag fréamhú ó dheas); teacht (ó)(fréamhú ó dhea-dhaoine)
fás gan chlóraifill, ar nós muisiriún nó snas liath
saolú; péacadh, fás (geamhar ag giniúint); déanamh clainne; táirgeadh (gineann fearg fíoch); tús gine (giniúint in ubh)
ar dhath an fhéir nó an duilliúir ag fás; óg, neamhaibí (adhmad glas); gan taithí (tá an fear bocht glas air); neamhoilte (saighdiúirí glasa); lag i mbrí (deoch ghlas); dorcha liath (flainín glas); liathghorm (súile glasa); lonrach mar chruach (sceana glasa); fuar, gruama (aimsir ghlas); gan substaint (iasc glas)
fás fiáin nimhiúil agus gas ballach air; deoch nimhiúil déanta as an bplanda
ithe féir atá ag fás (mar a dhéanann ainmhithe i bpáirc)
an fás crua adharcach ar bharr méire; crúb ainmhí
fás a ndéantar snáth lín agus línéadach as na snáithíní atá ann
fás láidir cosúil le snáthaidí thart ar áiteanna fliucha, feagacha, geatairí beaga
fás nó planda gan stoc adhmaid (mar atá i gcrann nó i dtor); planda a úsáidtear chun leighis
fás gáirdín agus spící fada de bhláthanna gealdaite air
gan ghruaig (fear maol); gan fás (paiste maol); gan chumhdach, gan chosaint (cuireata maol); gan adharca (bó mhaol); bearrtha (imill mhaola); gan díon (teach maol); gan faobhar (scian mhaol); leacaithe (áirse mhaol); íseal (torann maol); gan géire intinne (is maol atá do cheann ort); déanach (maol sa lá); (mar fhocal treisithe) (bhí sé maol tarnocht)
fionnadh fada ar mhuineál ainmhí; cúl fada gruaige; fás trom plandaí ar thalamh
fás aon oíche a itear go minic (ach go bhfuil cineálacha nimhiúla ann freisin) agus é ar dhéanamh scáth fearthainne
fás fiáin a ghreadfadh an craiceann agat dá dteagmhófá leis
síol (pór féir, prátaí); síolrach, sliocht (pór caorach, pór daoine); fás úr (pór breá féir)
ceann d'an-chuid substaintí atá le fáil i mbainne, uibheacha, feoil etc., agus atá riachtanach don duine is don ainmhí maidir le fás agus sláinte de
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht