TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
foinse bain4 tobar; pointe tosaithe abhann nó srutháin, pointe tuismithe
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
an pháirt is ísle de rud (ó bhun go barr); stumpa (bun coinnle); deireadh (bun cúrsa); foinse (bun scéil); aird (bun na gaoithe); lorg (bun ruda a chur); caipiteal nó suim le a bheith ag cur leis (bun agus biseach airgid)
bun, foinse (bunús an chreidimh); rachmas (duine a bhfuil bunús aige); an chuid is mó de (tá bunús na hoibre déanta)
foinse dóchais, marc; duine ar féidir é a thrust nó dul dian air (ní dóithín réidh duit mise)
foinse eolais, treoirleabhar
an chuid de phlanda nó de chrann atá faoi thalamh agus a shúnn bia as an gcré, rúta; bun, foinse (duine uasal ó fhréamh)
foinse nádúrtha a bhrúchtann uisce te agus gal
i lár baill; as foinse láir amháin (téamh lárnach)
bean a bhfuil clann aici; foinse (máthair oilc, máthair abhann)
ag tosú ag (ó thús go deireadh; ón taobh eile anall); a thagann as (duine ó Thrá Lí); de (d'fhógair sé ón altóir é); idir (míle ó chéile, i bhfad ón áit); ag teacht as (teas ón tine; cabhair ó Dhia); foinse (ó chroí nó ó bhéal; ná creid uaidh é); fáth, cúis (sáraithe ón lá, buí ó theas na gréine); díth (airím uaim é); gá (cad tá uait); leanúnachas (ó lá go lá, ó cheann ceann na tíre); ón uair a (ó bhí tú anseo cheana); mar gheall ar (ó tharla gur mar sin atá; ós agat atá an ceart) ó + an = ón; ó + a4 = óna; ó + is = ós; ó + ar3 = ónar; ó + ár2 = ónár
rud a lonraíonn agus a thugann léargas dúinn (solas na gréine, solas na gealaí); foinse an tsolais féin (lampa, coinneal etc.); lasair (d'iarr sé solas orm); léas (idir mé agus an solas); foilse (rud a thabhairt chun solais); saol, beatha (le mo sholas)
foinse uisce nó ola etc., a scairdeann aníos as an talamh; poll a dhéantar sa talamh chun breith ar an uisce etc. sin
bun; foinse; scríbhneoir; eolaí; ábhar (údar sagairt); bunús (scéal a bhfuil údar leis); cúis (bhí údar gearáin, gáire, againn)