SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
caint os íseal leis an anáil agus na beola gan an guth a úsáid
mír a thagraíonn d'ainmfhocal firinscneach agus a úsáidtear (in ionad sé) i ndiaidh na copaile nó sa chuspóireach (duine mar é; gan é sin; is é Seán é; déan é sin); (le haimsir, am, spás)(ach gan é a bheith ag báisteach)
fuaim a dhéantar gan úsáid a bhaint as an teanga ná na fiacla ná na beola (is é sin, gan chonsan) ar nós a, e, i, o, u, gearr nó fada, á n-úsáid leo féin nó le chéile chun fuaim a léiriú
mír a thagraíonn d'ainmfhocal baininscneach agus a úsáidtear (in ionad sí) i ndiaidh na copaile, nó sa chuspóireach (is í Máire í; nach breá an aimsir í; déanfar gan í, duine mar í)
fás nó planda gan stoc adhmaid (mar atá i gcrann nó i dtor); planda a úsáidtear chun leighis
gan a bheith beo, imithe den saol; gan bheocht gan bhrí (tá an intinn marbh ann); ina stad (uisce marbh); gan úsáid (airgead marbh); gan ghéire (pian mharbh); lag, balbh (fuaim mharbh)
dona, droch-; gan a bheith maith (nach olc an aimsir í; duit féin is measa é; go holc leis an slaghdán); droch-chroíoch; ar éigean (is olc a chreidim é); ionúin (sa bhreischéim amháin a úsáidtear é)(is measa leis a athair ná a mháthair)
substaint bhán nó gan dath (clóiríd sóidiam) a bhaintear as carraig nó as an bhfarraige, agus a úsáidtear chun bia a leasú nó a chóiriú; aon substaint eile a fhaightear as miotal agus aigéad, mar a fhaightear salann
ábhar drithleach a úsáidtear i gcomhair mhaisiúchán na Nollag; aon ní gáifeach gan mórán tairbhe