TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
gaoth1 bain2 aer ag gluaiseacht; aer ag séideadh go láidir, stoirm (gaoth mhór); gás sna putóga; caint áibhéalach bhladhmannach (níl ina chuid cainte ach gaoth); leid, siolla (gaoth an fhocail a fháil); aer (beo ar an ngaoth; cuir gaoth sa lamhnán)
gaoth2 fir1 inbhear, góilín
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ceann den dá rud chrua cosúil le cnámh a fhásann ar cheann ainmhithe áirithe (ar nós eallach, fianna etc.); cuach óil; gob (diallaite, ancaire, etc.); gléas ceoil gaoithe (a bhíodh déanta as adharc uair amháin, ach gur gléas miotail atá inniu ann); gléas rabhaidh (i bhfeithicil)
na gáis atá san atmaisféar thart orainn agus a thugann anáil dúinn; anáil bheag ghaoithe; spéir; aeráid
ligean na gaoithe trí rud
gal (ghaoithe, tobac etc.); dúchan; scamall dearg ar shúil
dul nó cur ar bord loinge; cur fút i dteach ar lóistín; cúrsa fiarlán á thógáil ag bád seoil in aghaidh na gaoithe, tornáil
tonn bhriste; séideán (gaoithe)
briseadh gaoithe as an ngoile tríd an mbéal; briseadh amach tobann (brúcht uisce, deataigh, fola)
an pháirt is ísle de rud (ó bhun go barr); stumpa (bun coinnle); deireadh (bun cúrsa); foinse (bun scéil); aird (bun na gaoithe); lorg (bun ruda a chur); caipiteal nó suim le a bheith ag cur leis (bun agus biseach airgid)
cáite, ag imeacht le gaoth
gléas ceoil gaoithe cosúil le feadán fada agus aon gheocán amháin ann
séideán láidir gaoithe, cuaifeach
píosa miotail, i bhfoirm coiligh uaireanta, a chasann leis an ngaoth agus a thaispeánann cén treo a bhfuil sí ag séideadh
drochstoirm agus guairneáin ghaoithe léi
lasair; tine; soinneán gaoithe
anáil, puth; beatha, anam (dé ghaoithe; tá sé i ndeireadh na déithe)
neart, treise; bail an ruda atá dian (déine na gaoithe, na stoirme)
cluthar, stóinsithe (in aghaidh gaoithe, uisce etc.)
seasamh suas (ó bheith sínte nó suite); teacht as an leaba; teacht aníos (éirí gréine); ardú (gaoth ag éirí); ard (éirí i mbóthar)
cluas a thabhairt do rud (éisteacht le fuaim na gaoithe); cumas cloisteála (tá éisteacht mhaith aige); bheith i do thost, do bhéal a dhúnadh (éist do bhéal)
gan a bheith mínithe nó saothraithe ag an duine (ainmhithe fiáine, bláthanna fiáine); gan smacht (fear fiáin; páistí ag imeacht fiáin); díocasach (fiáin chun oibre); stoirmiúil (lá fiáin gaoithe)
gléas ceoil gaoithe ar dhéanamh na píbe (Ar a taobh atá an poll don bhéal inti)
cur ag fás, tosú ar fhás; socrú síos (fréamhú in áit; gaoth ag fréamhú ó dheas); teacht (ó)(fréamhú ó dhea-dhaoine)
éan de chineál na fáinleoige (Déanann an gabhlán binne nead i mballa agus an gabhlán gainimh i mbruach gainimh. Gluaiseann an gabhlán gaoithe go han-tapa ar nós fáinleoige)
scamall geal a éiríonn as uisce beirithe; toit ag éirí cosúil le gal as sop lasta nó tobac etc. (gal tobac, gal soip); puth the ghaoithe; fiuchadh fola, teas troda, crógacht; éileamh (tá an-ghal ar mhuca); taom, racht (gal tinnis)
ag séideadh gaoithe go láidir; (le caint) bladhmannach
géag bheag den fharraige, gaoth
síorchasadh timpeall (poll guairneáin); cuaifeach, camfheothan (guairneán gaoithe); guairdeall
siolla nó séideán (gaoithe)
stoirm aintréan ghaoithe (os cionn 75 míle, nó 120 ciliméadar, san uair)
claonadh, luí, fabhar (tá lé aige liom, bhí lé leat); luí, raon, radharc (faoi lé na gréine, na gaoithe)
oscailt bheag ar scéal le leathfhocal; nod, spléachadh; gaoth an fhocail
siolla beag gaoithe, briota
achar mór uisce agus talamh timpeall air; géag den mhuir, gaoth; at beag faireogach sa bhléin nó faoin ascaill
bogadh anonn is anall (doras ag luascadh le gaoth; cliabhán a luascadh)
glór íseal leanúnach (monabhar cainte, monabhar gaoithe; monabhar na dtonn)
gaoth a shéideann aniar aneas sa samhradh nó anoir aduaidh sa gheimhreadh san Aigéan Indiach; séasúr fearthainne a thagann le monsún an tsamhraidh
toirtiúil (teach mór); iomadúil (suim mhór airgid, scata mór daoine); fada (aois mhór); ard (clú mór); fial (croí mór); fairsing (difríocht mhór); dian (pian mhór); láidir (fonn mór cainte; gaoth mhór); tábhachtach (ócáid mhór); príomh- (an doras mór); bródúil (tá sé mór as féin); luite le, tugtha do (dream mór peile)
muileann a oibríonn le cumhacht gaoithe
chomh láidir is atá rud, láidreacht; fórsa, cumhacht (neart na tola, na gaoithe; de neart reatha); go leor, dóthain duine (tá neart ama againn); leigheas (dá mbeadh neart agam air); cumas (níl neart agam teacht as)
aon substaint a d'fhágfadh dona nó marbh thú ar í a shlogadh nó a thógáil isteach sa chorp; goimh, binb, gangaid (bhí nimh ar a chuid cainte; gaoth, fuacht, nimhe)