SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
focail i ndiaidh a chéile a dhéanann ráiteas iomlán (tá siad ag teacht, fág ansin é, cá bhfuil siad anois? fuist, a dhuine!)
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
rópa nó strapa ar cheann capaill, asail etc., chun é a sheoladh nó a cheangal
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
gan aird a thabhairt ar (dá ainneoin sin is uile); in aghaidh tola, gan buíochas do (rinne sé de m'ainneoin é); cé go (ainneoin gur iarr mé air stad)
brath, mothú (airím uaim iad; d'airigh mé sa láthair é; airím chugam féin); cloisteáil (níor airigh mé a leithéid riamh)
díol, tuillteanas (is maith an airí air é); duine ar fiú nó ar cóir rud a dhéanamh dó
ar leith (lá áirithe); curtha san áireamh (sin é atá áirithe dó)
achasán, masla cainte (aithis a thabhairt do dhuine); náire, ábhar náire (is é an aithis shaolta é)
eolas ar dhuine nó ar rud toisc go n-aithníonn tú é; cosúlacht, riocht (tá aithne bisigh air)
An 'Is é do bheatha a Mhuire' (an tÁivé Máiria)
mír cheisteach roimh bhriathar (an dtagann faitíos ort? an ólfaidh sé é? an suífeá síos?)
crúca trom iarainn ar shlabhra nó ar chábla i mbád (Nuair a scaoiltear amach é greamaíonn an crúca sa talamh agus coinníonn sé an bád ina háit)
créatúr samhailteach (agus é mór scanrúil de ghnáth), arracht; ainmhí anchumtha
duine, rud, áit, ar drochmharc é le rud a fháil nó a dhéanamh
an méid blianta atá tugtha ar an saol ag duine nó rud (cén aois é?); fad saoil; seanaois (ag dul in aois); tréimhse, ré (ó aois go haois); céad bliain (an fichiú haois)
spíce d'aol silte agus é cruaite arís a bheadh sáite aníos as an urlár in uaimh
spíce d'aol silte, agus é cruaite arís, a bheadh crochta anuas as an díon in uaimh
rud amháin ann féin; caighdeán tomhais (is é an punt an t-aonad airgid atá in Éirinn)
= an2 san aimsir chaite agus sa choinníollach (ar bhris sí é? ar mhaith leat é?)
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
cló nó foirm nua; leabhar etc., agus é curtha amach athuair
duine sí a mbeadh eagla ar pháistí go gcasfaí orthu san oíche é; fear bréige le héin a scanrú as gort arbhair
tamall de rud ar bith (babhta oibre); seal áirithe coimhlinte (an dara babhta den troid); uair (an babhta seo); buille tubaisteach, bris (is mór an babhta air é)
bata crúcáin mar a bhíodh ag aoirí caorach sna scéalta, nó mar a bhíonn ag easpag mar chomhartha gur aoire spioradálta é; lúibín gruaige
oifigeach faoi shirriam arb é a chúram páipéir dhlí a sheirbheáil i gcásanna áirithe agus earraí a thógáil i leith fiach gan íoc
rud nach fiú mórán é nó atá ar bheagán tábhachta
an fad a bhíonn duine ar an saol; cuntas ar shaol duine; rudaí a choinníonn beo duine, cothú, bia; focal fáilte (is é do bheatha)
eorna nó grán eile a thumtar in uisce go bpéacann sé, agus a thriomaítear ansin go n-úsáidtear chun beorach é
marc a chuirtear ar rud lena thaispeáint cé leis é nó cé a rinne é
cuma bhréige ar rud nó ar dhuine chun nach n-aithneofaí é
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
an fhuaim a dhéanann rud tirim briosc nuair a bhristear é
cailliúint (is oth liom do bhris; is mór an bhris air é)
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
galar tógálach a leanann fiabhras trom agus spotaí dearga ar an gcraiceann é
tarraingt de dhorn nó d'arm ar dhuine nó ar rud; tarraingt speile in arbhar; tarraingt rámha in uisce; iarracht snámha; preabadh croí nó cuisle; bualadh cloig (ar bhuille a haon); caill, dochar (is mór an buille orthu é)
cén áit (cá bhfuil sé? cár chuir tú é?; cárb as duit?); cad, céard (cá air a bhfuil sé ag caint?); cé chomh (cá fhad, cá mhéad?)
cén rud, céard (cad é sin? cad deir sé? cad is ainm duit?)
cén fáth, cén chúis, cad ina thaobh, cad mar gheall ar (cad chuige ar bhuail tú é?)
conas, cén chaoi (cad é mar tá tú?)
ainm, clú, teist an phobail ar dhuine (tá cáil an léinn air); mianach, stuif, cáilíocht (ball maith é ina cháil féin); suim, méid áirithe, cuid (cáil amhrais)
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
bia déanta as gruth bainne agus é brúite ina mheall crua
radharc na súl a bhaint de dhuine; dalladh (chaoch an solas é); dúnadh, tachtadh (chaoch an píopa)
slí, bealach (cén chaoi a ndéanfaidh mé é?); deis, seans (dá bhfaighinn caoi air); bail, riocht (cén chaoi a bhfuil tú? cuir caoi air sin dom)
cúis (cás dlí, cúirte); drochdhóigh (sa chás ina bhfuil sé); scéal (is bocht an cás é); ábhar imní (ní hé sin is cás liom; i gcás idir dhá chomhairle)
árthach faoi chlúdach a mbruitear bia ann agus a riartar as é
gréasán atá lán de chosáin agus de phasáistí agus é deacair teacht as