Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: aint · cain · cainc · cainít · cairt
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
caint bain2 rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer) cainteach aid1 cainteoir fir3
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
comhrá; caint a chur ar (dhuine)
béim ghutha ar shiolla cainte; comhartha fuaime nó béime ar litir scríofa
argóint; caint
sáraíocht chainte, argóint
achasán, masla cainte (aithis a thabhairt do dhuine); náire, ábhar náire (is é an aithis shaolta é)
aighneas, argóint; caint ard, gáir
díth céille, gníomh nó caint gan chéill
gan cumas cainte; gan aon fhuaim (litir bhalbh)
duine balbh; duine nach bhfuil an chaint mar is ceart aige
fágáil gan chaint; a dhéanamh balbh
amaidí, iompar nó caint atá amaideach nó místuama
caint a d'fhéadfadh clú duine a mhilleadh
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
rudaí a itheann daoine nó ainmhithe, beatha; adhmad, substaint (bia a bhaint as caint)
(le caint, focail etc.) nimh, gangaid, géire
caint mhilis, plámás
lasracha; caint gháifeach, gaisce, mórtas
diamhaslú, caint mhallaithe
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
deas le hithe nó le hól; ráite go deas (caint bhlasta); ag obair go deas (tá an speal ag baint go blasta)
raiméis chainte
forrán cainte (bleid a bhualadh ar dhuine)
duine a dhéanamh bodhar; duine a chrá le caint nó le torann; fuaim a mhaolú
labhairt i gcaoi go síltear nach ón gcainteoir féin atá an chaint ag teacht ach ó phuipéad, etc.
láidir, garbh (caint bhorb); fiata (súil bhorb); tréan (tine bhorb); láidir le blaiseadh (bia borb); fiáin (fás borb)
caint bhreallach
an ceann is fearr i gcomórtas nó in iarracht (bua a fháil); tabharthas ó Dhia (bua cainte, bua ceoil); maitheas, fiúntas (bua dá bhfuil ag an léann); cáilíocht ar leith (cloch bhua)
fuadar, flosc (bús cainte, siúil, báistí)
cén áit (cá bhfuil sé? cár chuir tú é?; cárb as duit?); cad, céard (cá air a bhfuil sé ag caint?); cé chomh (cá fhad, cá mhéad?)
labhairt (caintiú le duine); caint a chur ar dhuine (duine a chaintiú)
argóint, coimhlint; cabaireacht chainte
gleo cainte; clampar, raic
caint ghearánach os íseal, banrán
caint, urlabhra (chuir sé canúint orm); modh cainte a bhaineann le ceantar nó le haicme ar leith (canúint Chonamara); tuin, modh foghraíochta (canúint ghalánta ar a chaint)
amhrán áthais nó molta i gcomhair na Nollag; ciúta cainte, léaspairt
saoirse chun rud a dhéanamh (cead cainte, cead do chinn); ceadúnas (cead tobac, biotáille, a dhíol); pas (cead taistil)
caint a lorgann eolas ar dhuine, fiafraí
sórt, saghas (an cineál cainte a bhíonn air); dúchas, mianach (tá cineál an cheoil ann; talamh a thabhairt chun cineáil); (le bia, deoch) sócamas, cóir speisialta; clann (Cineál Eoghain)
nath nó carúl cainte; cor cainte; cleas
cromadh, lúbadh; dul nó cur ar claon; luí le (claonadh leis an obair); imeacht ó (claonadh ón bhfírinne); casadh (chlaon sé mo chuid cainte)
torann cainte
iomrá, ráfla, caint faoi rud
feirc, leathmhaig; mabóg, scoth; aibéil chainte
brú nó meilt leis na fiacla; snoí (ag cogaint an chroí aige); slogadh (caint a chogaint)
caint os íseal leis an anáil agus na beola gan an guth a úsáid
cogarnach, caint rúnda a mbeadh drochúdar léi go minic
caint i gcogar
daoine ag caint le chéile, comhchaint
leanúnach, gan bhriseadh (post cónaitheach, ag caint go cónaitheach); a bhaineann le cónaí
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht