SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ball cinn lena mbraitheann feithid a bealach roimpi nó lena lorgann sí bia
píosa mór de rud; greim mór de bhia
buíochasú Dé (ar son ruda)(bia, an tsláinte, a altú)
bia a théann go maith le bia eile nó a chuireann blas breise air
bia a dhéantar as plúr nó min
coirce, cruithneacht, eorna agus a leithéidí; grán a bhfuil bia ann
planda a n-itear a phéacáin óga mar bhia
toradh fada buí a bhfuil bia bog milis ann
bia a chuirtear ar dhuán nó i ngaiste chun iasc nó ainmhí a mhealladh
dúilmhear i rudaí milse; deacair a shásamh le bia; ardnósach
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
bealadh ime etc., ar bhia
an fad a bhíonn duine ar an saol; cuntas ar shaol duine; rudaí a choinníonn beo duine, cothú, bia; focal fáilte (is é do bheatha)
bia a itear ag tráthanna áirithe
séasúr flúirse (bia, etc.)
áit a bhfriotháiltear bia ar chustaiméirí
duine a chuireann bia ar fáil; duine beathaithe
planda beag glas a fhásann in imeall uisce agus a úsáidtear le blas a chur ar bhia
rud a chur i do bhéal féachaint cén blas atá air; beagáinín de bhia nó de dheoch
stuif a úsáidtear chun blas a chur ar bhia, mar shampla, piobar, mustard, etc.
láidir, garbh (caint bhorb); fiata (súil bhorb); tréan (tine bhorb); láidir le blaiseadh (bia borb); fiáin (fás borb)
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí nó oibre nó imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid nó loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
neart, fuinneamh (brí na hóige; cuirfidh an bia brí ionat; in ísle brí); ciall (brí focail); éifeacht (argóint ar bheagán brí)
fuílleach bia, conamar, cosamar
ard beannach; saibhir (bia buacach)
duine a mharaíonn ainmhithe le haghaidh bia; duine a ghearrann is a dhíolann feoil
bialann ina bhfaigheann duine an bia dó féin ón gcuntar
bia déanta as gruth bainne agus é brúite ina mheall crua
duine a chaitheann éadach, bróga, bia, tobac, airgead etc.
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
tomhas teasa, go háirithe maidir le feabhas bianna éagsúla chun teas nó fuinneamh a thabhairt don chorp
(le bia) iompú, éiri bréan nó géar
árthach miotail do bhia nó do leacht, stán
(le bia, leacht etc.) cur i gcannaí aerdhíonacha chun leasaithe
substaint dhonn mhilis a fhaightear ó shiúcra agus a úsáidtear chun milseog nó le dath a chur ar bhia, etc.
feamainn mhion a phróiseáiltear ina bhia milis
árthach faoi chlúdach a mbruitear bia ann agus a riartar as é
aon rud atá ceaptha nó cumtha go deas; dhá phíosa aráin agus bia éigin eile eatarthu
sórt, saghas (an cineál cainte a bhíonn air); dúchas, mianach (tá cineál an cheoil ann; talamh a thabhairt chun cineáil); (le bia, deoch) sócamas, cóir speisialta; clann (Cineál Eoghain)
cion nó candam tomhaiste de bhia etc. a fhaigheann daoine le linn éigeandála; liúntas, riar
sac droma le haghaidh bia etc. ag siúlóirí
toradh nó síol crainn a bhfuil bia ina chroí agus blaosc chrua air; bloc beag miotail agus poll ann chun é a scriúáil ar bholta
bailiú bia etc.; bailiúchán, stór
duine a ullmhaíonn bia le hithe
sábháil, spáráil (airgead, bia, a choigilt); clúdach, ceilt (tine a choigilt; peacaí coigilte); conlú, cruinniú