Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: gaoine · glaine · gléine · gloiní · loine
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
gloine bain4 ábhar mar a bhíonn i bhfuinneoga a ligeann an solas tríd; scáthán; (iol ) spéaclaí; árthach gloine (gloiní boird) a lán sin (gloine fíona, gloine uisce)
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
planda gairdín gloine a mbíonn bláthanna bándearga agus duilleoga gleoite air
cruinneán leachta a mbíonn aer gafa ann; lampa beag gloine a dtagann solas leictreach as
árthach gloine a bhfuil scóig air agus a gcoinnítear deochanna ann
mianach crua a ligeann an solas tríd; gloine ghléineach
dearadh ar mhiotal, gloine etc., trí línte a dhó iontu le haigéad; pictiúr ó phláta eitseáilte
píopa fada sorcóireach miotail gloine adhmaid; aon rud atá cosúil le feadán le tiúb (ar nós an feadán glóir sa scornach); lintéar gáitéar; glór feide fead; piachán
buidéal caolscrogallach miotail gloine
buidéal miotail gloine agus scrogall caol air
oscailt i mballa agus gloine inti chun solas agus aer a ligean isteach san fhoirgneamh; paiste solais sa spéir (fuinneoga an lae)
duine a chuireann gloine i bhfuinneoga
déanta de ghloine; ar nós gloine
gléas snas mar a bheadh i ngloine, i leathar etc.
cás beag gloine chun an solas a iompar ann
solas agus gloine chosanta thart air
blúire tanaí leathan de pháipéar, gloine, miotal etc., bileog
píosa cuar gloine mar a bhíonn i spéaclaí i gceamara i dteileascóp
ceann de na meallta beaga gloine a n-imríonn páistí leo
píosa dronuilleogach adhmaid, gloine etc., agus ciumhais air go minic (painéil dorais); grúpa daoine atá tofa go speisialta (chun gníomhú ar ghiúiré chun ceisteanna a fhreagairt i gclár raidió teilifíse)
scláta gloine mar a bhíonn i bhfuinneog
gloine atá cóirithe ar a cúl (le hairgead beo etc.) le go bhféadtar scáth a fheiceáil ann
sceall beag de ghloine, de chloch, d'adhmad etc., atá briste
mín, líofa, sciorrach (chomh sleamhain le gloine, le heascann); slim, slíoctha (gruaig shleamhain); (le gruaig) pioctha, gléasta; (le duine) plámásach, glic
gloine shúile
gloiní súl a chaitear ar mhaithe leis an radharc
an banda dathanna atá sa bhogha báistí a thagann as solas geal a bhriseadh suas ar a ghabháil trí phriosma gloine
ceann de dhá bhall radhairc an choirp; féachaint, amharc (súil fhiata, mhillte; coinnigh súil air); coinne, dóchas ( súil abhaile leis; raibh ag súil leis sin); rud i gcosúlacht súile (súil an lae; súil ghloine); oscailt, béal (súil droichid, súil na gaoithe)
foirgneamh cónaithe; foirgneamh poiblí (teach parlaiminte, teach pobail); struchtúr cosúil le teach (teach gloine, teach stiúrach)
teach deanta le gloine agus plandaí ag fás ann
buidéal ornáideach (de ghloine ghearrtha go minic) chun deoch scinceáilte a choinneáil
gloine ard chaol ólacháin
furasta feiceáil tríd, ar nós gloine
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht