Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ináirithe
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
áirithe1 bain4 cinnteacht, siúráil (áirithe a bheith agat ar rud); suim nó méid chinnte, cion, roinnt (an áirithe chéanna airgid) in áirithe do i ndán do (an rud atá in áirithe do dhuine); fágtha le haghaidh (tá an t-airgead sin in áirithe don chíos; chuireamar suíocháin in áirithe dúinn féin)
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
in áit nó i suíomh áirithe (ar neamh, ar scoil, ar do ghlúine, ar tosach nó ar deireadh); i staid áirithe (ar meisce, ar crith, ar sodar, ar do shuaimhneas, ar thoil Dé); faoi théarmaí áirithe (ar iasacht, ar cíos, ar phunt an ceann, ar mhaithe leat féin); i gcosúlacht (ar dhéanamh báid, ar dhath an óir); de réir (duine ar dhuine, céim ar chéim); agus ar mhórán slite eile (doras ar sheomra, faobhar ar scian, ceanúil ar pháistí, tá an t-ádh orainn, bhí fiacha troma air, ná bíodh eagla ort, etc.); ag tagairt d'aicsean i leith (seasamh, siúl, satailt, ar; ardú, doirteadh, aimsiú, ar; roinnt ar; ceilt, cosaint, ar; mhill siad an lá orainn; ná cuir as an solas orm); feidhmiú na gcéadfaí nó na hintinne (féachaint ar; smaoineamh ar; labhairt ar, glaoch ar; achainí ar)
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
d'fhocal a thabhairt (gheall mé dó go rachainn ann); deimhniú, móidiú (déanfar é, geallaim duit; tá an bheirt acu geallta); cur in áirithe mar chinniúint, ordú (an rud a gheall Dia dúinn); fonn, fuadar (tá gealladh maith faoi)
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht