SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
slat tomhais; grád fiúntais a meastar rudaí leis (caighdeán ard maireachtála); tomhas faid, meáchain etc. a úsáidtear mar aonad chun cur síos ar fhad, ar mheáchain etc., eile
tomhas meáchain do sheoda; aonad chun fíneáltacht óir a léiriú (Tá ór 22 carat níos fíneálta ina mhianach ná ór 14 carat)
carraig nó smut de charraig; seoid (cloch uasal); aon rud cosúil le cloch (cloch phluma, cloch shilín; cloch dhuáin); aonad meáchain = 14 pt. nó 6.35 kg.; cladach (iascach cois cloiche); carraig san fharraige; magairle
ar bheagán meáchain, furasta a thógáil nó a iompar; lag (bia nó deoch éadrom); aerach (éadrom sa cheann)
aonad meáchain sa chóras méadrach (1000 gram = 1 cileagram)
caoga; caoga bliain; 56 punt meáchain
seacht bpunt meáchain; ceann de dhá chloch; cloch nach bhfuil rómhór
chomh trom is atá rud (punt meáchain, cloch mheáchain)
córas meáchain atá bunaithe ar phuint agus ar unsaí, murab ionann is an córas méadrach atá bunaithe ar ghraim agus ar chileagraim
tomhas meáchain, díreach faoi bhun leathchileagraim (1 pt = 16 unsa); tomhas airgid in Éirinn agus sa Bhreatain (£1 = l00p)
fearas chun meáchain throma a ardú (mar atá, chun cuid d'fheithicil a ardú le go bhféadfaí bonn a athrú nó a dheisiú)
tomhas meáchain (tonna Sasanach = 2240 punt; tonna Meiriceánach = 1000 cileagram nó tuairim is 2205 punt)
córas meáchain de mhiotail luachmhara
an 16ú cuid de phunt meáchain (timpeall 28 gram)