SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
dlí a ritheann parlaimint tíre (acht parlaiminte); conradh; coinníoll (ar acht go)
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
nóta cuntais ar airgead atá dlite; nóta airgid reatha (bille puint)
bóthar a bhfuil ráillí air a ritheann traenacha orthu
suíochán agus droim air do dhuine amháin; suíomh nó suíochán oifigiúil údaráis (mar atá ag ollamh nó ag duine a ritheann cruinniú)
flapa ar insí a dhúnann agus a osclaíonn (comhla dorais, comhla cofra, comhla fuinneoige); gaireas a rialaíonn rith leachta nó gáis nó gaile
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
laghdú luacha ar airgead reatha
ceann de na mílte meall beag a thaistealaíonn sa spás ar luas millteach (Feictear iad mar réaltaí reatha nó mar chaora tintrí toisc go lasann siad suas leis an bhfrithchuimilt nuair a shroicheann siad atmaisféar an domhain)
gluaiseacht (dul abhaile, anonn is anall); imeacht (cá ndeachaigh sé? rachaimid amach an sliabh); sroicheadh (bhí an t-uisce ag dul go glúine orm); rith (conas tá an scéal ag dul? seo mar a théann an chéad véarsa); cosaint (chuaigh sé pingin mhaith airgid); gabháil, tosú (dul a chodladh, ag léamh); a éirí le (chuaigh agam é a dhéanamh); léamh, tuiscint (is deacair dul amach ar an bhfear sin); teacht (chuaigh feabhas air); titim (ormsa a chuaigh an costas, an milleán); seasamh (is gearr le dul orainn é); teip, múchadh (tá sí ag dul as go mór; tá an lampa ag dul as; chuaigh díom é a dhéanamh); bheith dlite (bhí an méid sin ag dul dó); réiteach le (chuaigh an t-athrú bia go maith dó); imeacht as (dul faoi na gréine); luí isteach le (chuaigh sé sna saighdiúirí); athrú (ag dul i léig, in olcas; ag dul ó mhaith; dul le buile) le cosúlacht nó réiteach (lena máthair a chuaigh sí; ní théann an dá dhath le chéile; téann an deoch síos go maith leis); ceiliúradh, loiceadh (ná téigh siar ar d'fhocal; dul ar gcúl); briseadh, sárú (dul thar fóir; ní rachadh sé thar a fhocal; níl aon dul thairis); polladh (chuaigh an fuacht tríom); caitheamh (ag dul trí airgead); seans (níl aon dul aige air); leagan (dul cainte); bail (ar an dul ina raibh sé); am, ócáid (den dul seo; ar an gcéad dul síos)
brú ruda le leacht a bhaint as (éadach, oráiste, a fháscadh); teannadh (lámh, snaidhm, téad, a fháscadh); teannadh, druidim, le (tá siad ag fáscadh orainn); teannadh (fáscadh chun reatha)
le linn, i rith (ar feadh an lae); ar fhad, ar fud (ar feadh an bhóthair, ar feadh na tíre); chomh fada le (ar feadh m'eolais nó mo chuimhne)
láimhseáil, rith; teacht timpeall ar (dhuine, rud)
chomh láidir is atá rud, láidreacht; fórsa, cumhacht (neart na tola, na gaoithe; de neart reatha); go leor, dóthain duine (tá neart ama againn); leigheas (dá mbeadh neart agam air); cumas (níl neart agam teacht as)
cloch luachmhar ar dhath an bhainne agus dathanna an bhogha báistí ag rith tríthi
feadán miotail, plaistigh nó cré trína ritheann uisce, gás etc.; cos agus ceann amuigh uirthi chun tobac a chaitheamh
rith, glaoch éileamh (tá ráchairt ar na ticéid)
barra adhmaid nó miotail mar a bhíonn ar thaobh staighre nó i sconsa; ceann de na barraí iarainn ar iarnróid a ritheann traein orthu
rith, reáchtáil (riar cirt, gnóthaí); soláthar (ag riar don chléir); cur thart, roinnt (bia a riar ar dhaoine); díol freastail (tá riar a gcáis acu); cion, cuid (tar le do riar de)
cur sna cosa ar luas; (le huisce) imeacht go faíoch; síneadh (rinn ag rith amach san fharraige); scaoileadh (rith an tsnaidhm); ídiú, caitheamh (tá a théarma rite); cur ag rás (capall a rith); cur ar siúl, reáchtáil (gnó, rince, a rith); achtaí, reachtú (rún a rith); déanamh (poitín a rith); críochnú (tá sé rite ina dhochtúir); imeacht gann ar fad i (rite as bia, as airgead); gabháil le, baint le (tá an tréith sin ag rith leis); éirí le (má ritheann liom); ráchairt, éileamh (rith ar earraí); taom (rith tinnis, rití fuachta); scaoilteacht, buinneach (chuir an bia úd rith air); scoth (an chéad rith den phlúr)
tóir, teitheadh (an ruaig a chur ar an namhaid); sciuird reatha, cuairt faoi dheifir; ráig (ruaig thinnis)
lúb reatha ar cheann rópa nó corda agus nach gá ach tarraingt a bhaint aisti chun í a fháscadh; fáinne; leicneán
gluaiseacht go réidh ar na cosa gan a bheith ag rith; an ghluaiseacht féin (siúl fada); taisteal (ag siúl na tíre; ar mo shiúlta; lucht siúil); satailt (ná siúil orm); luas (bhí siúl fúthu)
rith beag ar do shuaimhneas; (le hainmhí) rith gan dul sna cosa in airde
bád nó feithicil a choinneáil ar a cúrsa le stiúir nó le roth; treorú, smachtú (capall a stiúradh); rith (gnó, scrúdú a stiúradh; coiste stiúrtha)
dua, trioblóid (strus oibre, reatha); stró, straidhn (strus a chur ar bhíoma); saibhreas, maoin shaolta
cearchaill adhmaid a ritheann ar fhad an tí faoina dhíon; staf tacaíochta
tarraingthe amach, rite, fáiscthe go docht (téad theann; fáisc go teann é); séidte crua (lamhnán, úth, teann); láidir, stóinsithe (fear teann téagartha; creideamh teann); dána, tiarnúil (is teann madra ar a thairseach féin); go maith as (feirmeoir teann); fórsúil, muiníneach (labhairt go teann); dian (ná bí teann air; ag obair go teann)
rith as láthair, éalú, cúlú go tapa; (teitheadh ó chontúirt; dul ar do theitheadh; teitheadh ó obair)
duine a thugann tuairisc reatha ar imeacht éigin, ar nós cluiche peile, rás etc.
feithicil throm phaisinéirí a ritheann ar ráillí le cumhacht leictreachais ar shráideanna