SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
uirlis faobhair a tharraingt ar rud (do lámh a ghearradh le scian); codanna a dhéanamh de rud le huirlis faobhair (adhmad a ghearradh le sábh); scoitheadh le faobhar (géag a ghearradh de chrann); múnlú, greanadh le faobhar (litreacha a ghearradh ar thuama); sciolladh, goin le teanga, leibhéal (ag gearradh na gcomharsan; caint a bhfuil gearradh inti); coilleadh (gamhain a ghearradh); giorrú (do shaol a ghearradh); laghdú (fiacha a ghearradh); leagan (cáin a ghearradh ar dhuine); cíos, sraith; luas (gearradh siúil)
talamh agus uisce thart air, inis; aon ní atá scoite amach óna thimpeallacht (oileán sráide)
gearrtha, teasctha (craobhacha scoite); scartha, deighilte, ó chéile (ceathanna scoite); iargúlta (oileán scoite); aonarach (éan scoite)
gearradh, teascadh; briseadh (greim a scoitheadh); baint, tarraingt (ancaire a scoitheadh); cailleadh (scoith an capall crú); sarú (duine a scoitheadh i rás); scaradh, deighilt (tú féin a scoitheadh ón saol)
aonarach; cumhach; (le háit) scoite, aerach; rúnda (peaca uaigneach)