TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
slaghdán fir1 tinneas gan mórán urchóide, de ghnáth, le sraothartach agus casachtach ► slaghdán teaspaigh greadfach scornaí, sróine agus súl a thagann as pailin a análú as an aer
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
(le galar, tinneas) i ngreim (chuaigh an slaghdán in ainseal air)
gairbhe sa ghlór mar a bheadh le slaghdán; gruaim, brón
díbirt as nó cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir sí an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!)
breoiteacht thógálach cosúil le slaghdán fiabhrais, agus tinneas géag ag gabháil leis
aimsir fhuar (amuigh faoin bhfuacht); fuaire, goimh (bain an fuacht as); slaghdán; mífhonn (gan fuacht gan faitíos)
bruíon, achrann; marc, iarsma (iaróg shlaghdáin)
casadh, tiontú (do cheann a iompú); an taobh isteach amach nó an taobh síos suas a thabhairt de rud; cur nó coinneáil uait (fearg a iompú); filleadh (d'iompaigh an slaghdán orm); athrú (d'iompaigh sé bán, ina Chríostaí); camhrú, imeacht géar, searbh (tá an fheoil, an bainne, iompaithe)
tachtadh (múchta ag teas, ag slaghdán); cur as, cur amach (mhúch sé an tine); cosc (múchfaidh sé sin do thart); cosc anála de cheal aeir (bá is múchadh ort!); suncáil (múchta i bhfiacha); maolú (glór múchta); coinneáil siar (deora a mhúchadh); asma (tá an múchadh ag cur air)
dona, droch-; gan a bheith maith (nach olc an aimsir í; duit féin is measa é; go holc leis an slaghdán); droch-chroíoch; ar éigean (is olc a chreidim é); ionúin (sa bhreischéim amháin a úsáidtear é)(is measa leis a athair ná a mháthair)
ionsaí; boirbeáil (ag tolgadh stoirme; cneá ag tolgadh); tógáil (tholg sé slaghdán as)
babhta de thinneas tógálach; slaghdán, fliú, etc.