SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
na litreacha ar fad a úsáidtear i dteanga agus iad in ord speisialta
dul nó cur ó áit go háit eile, athrú; taisteal; rud a thiontú ó theanga amháin go teanga eile
ealaín nó toradh an aistrithe ó theanga go teanga eile
milis sa teanga; plámásach
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
coinneáil slán, cosaint (teanga, rún, a chaomhnú)
fuaim seachas guta i dteanga (Léirítear consain le litreacha seachas a e i o u)
réasún, fáth (cúis ghearáin, cúis gháire; tú féin is cúis leis); cás dlí (daoradh sa chúis é); gluaiseacht a bhfuil aidhm nó cuspóir speisialta leis (cúis na teanga); gnó (ní dhéanfaidh sin cúis)
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
dána, gránna; nimhneach sa teanga; ceanndána
le dhá theanga; in dhá theanga
duine a bhearrann le deimheas; duine a dhéanann bearradh lena theanga
caoi a chur ar rud, rud a chur i gceart arís; bearradh teanga
an craiceann a bhaint (de rud); sciolladh (feannadh teanga)
fear a aistríonn os ard ar mhaithe le daoine nach dtuigeann an teanga i gceist
fuaimniú focal; staidéar ar fhuaimniú teanga
éagothrom, cnapánach (talamh, éadach, garbh); gan a bheith mín nó séimh nó binn (aimsir, teanga, gharbh); mór (fear, práta, garbh); neamhchruinn (obair gharbh, cuntas garbh)
duine a mbeadh gob mór nó soc air; duine atá géar sa teanga; duine fiosrach
na rialacha a bhaineann le ceart teanga ina labhairt nó ina scríobh
fuaim a dhéantar gan úsáid a bhaint as an teanga ná na fiacla ná na beola (is é sin, gan chonsan) ar nós a, e, i, o, u, gearr nó fada, á n-úsáid leo féin nó le chéile chun fuaim a léiriú
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
tamall úsáide a fhaigheann duine ar rud (go háirithe airgead ar ús); an rud féin (an iasacht a thabhairt ar ais); coigríoch (tír iasachta); strainséartha (duine, teanga, iasachta)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
stiall, stráice; liobar, ceirt; rud liobarnach; buille (leadhb de mhaide); teanga
gan srian (tá an teanga ar ligean aici)
aistí próis nó filíochta, go mór mór aistí den scoth, in aon teanga
pras ar an teanga; doiléir sa chaint, tutbhéalach
(le véarsaíocht) dhá theanga a bheith trí chéile inti
an teanga chrochta a úsáidtear i gcáipéisí oifigiúla
gan ardáin ná ísleáin (machaire mín); gan a bheith garbh (bord mín; leiceann mín); fíneálta (éadach mín); síodúil, plásánta (teanga mhín); mion (plúr mín, cíor mhín); caoin, ciúin (ainnir mhín)
scalladh teanga, sciolladh
feannadh, scalladh (leis an teanga), sclamhairt
(le seol) siota; réim, scóip (lig sé scód leis féin, lena theanga)
coirt, carr, brat éadrom (screamh ar bharr bainne, ar theanga, ar chraiceann)
sprochaille cosúil le teanga bheag atá ar crochadh i gcúl an bhéil
slisne, stráice (stiall leathair, feola, aráin); lasc, leadhb (stiall d'fhuip, de theanga)
duine a aistríonn os ard ar mhaithe le daoine nach dtuigeann an teanga
troimpéad; gléas ceoil miotail a leagtar ar na fiacla agus teanga ann a bhuailtear le méar
brí a bhaint as (teanga a thuiscint; tuigfidh tú as); aithint (tuigim do chás; tuigim duit; thuig mé go raibh deifir ort); glacadh le (ná tuig gurb aon amadán é); ciall a bheith agat dó (an té nach dtuigeann ceol); samhlú (tuigeadh dom gurbh é a dúirt é); fáil le fios (ní hé sin a thuig mé uaidh); eolas (aois na tuisceana; lucht na tuisceana); bá, nádúr (is beag tuiscint atá ann)