SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
sruth mór uisce a ritheann isteach i loch nó san fharraige
bád a choinneáil sa bhall céanna ar an uisce; fanacht ar foluain gan chorraí san aer
bruis a gcroitear uisce coisricthe léi
ainmhí (ar nós frog nó rón) a dtig leis maireachtáil ar uisce agus ar talamh
gás le boladh láidir a leánn in uisce agus a úsáidtear chun glantóireachta
uisce is bainne, uiscealach
deoch a dhéantar as feoil nó glasraí a bhruith in uisce, súp, sú
púdar geal a dhéanann cloch aoil dhóite agus a ndéantar moirtéal nó suimint as, nó a úsáidtear in uisce chun ballaí a ghealadh
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
bás a fháil faoi uisce de cheal aeir; tumadh nó suncáil faoi uisce; fliuchadh go mór; múchadh (tarta)
lile a fhásann in uisce, duilleog bháite
planda uisce a mbíonn bláthanna bána air
árthach a thugann daoine nó earraí thar uisce agus a thiomáintear le maidí rámha nó le seol nó le hinneall
mias uisce; aon áit leathan a mbíonn uisce ann
searmanas ina ndéantar Críostaí de dhuine (le huisce) agus a dtugtar ainm air; ainm a thabhairt ar dhuine nó ar rud, baisteadh
meáchan i mbád lena coinneáil socair san uisce
marc ar barr uisce mar chomhartha do loingeas etc.
damba in abhainn leis an uisce a dhoimhniú; scaoileadh tiubh as gunnaí móra le bac ionsaithe a chur ar an namhaid
gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu)
bruith; fiuchadh (uisce, bainne, a bheiriú); bácáil (císte a bheiriú)
planda beag glas a fhásann in imeall uisce agus a úsáidtear le blas a chur ar bhia
scaoilte; (le héadaí, etc.) tumtha in uisce roimh a níochán
carraigeacha faoi uisce nó gar do bharr uisce, scairbh
súilín beag aeir ar uisce nó deoch, bolgán, boilgín
clabhta boise; lán boise (d'uisce etc.)
lámh oscailte; lán láimhe (bos uisce); boiseog (bos sa leiceann); páirt leata de rud (bos camáin, bos maide rámha)
péacadh gráin in uisce le haghaidh grúdaireachta
brat cúir ar an uisce san áit a mbriseann tonn
cochall le hiasc gafa a thógáil as uisce
eorna nó grán eile a thumtar in uisce go bpéacann sé, agus a thriomaítear ansin go n-úsáidtear chun beorach é
barra taca; grideall; sraith carraigeacha faoi uisce, scairbh
briseadh gaoithe as an ngoile tríd an mbéal; briseadh amach tobann (brúcht uisce, deataigh, fola)
fiuchadh; cócaireacht in uisce te, beiriú; bácáil; dó
árthach agus lámh air chun uisce nó leacht eile a iompar ann
tarraingt de dhorn nó d'arm ar dhuine nó ar rud; tarraingt speile in arbhar; tarraingt rámha in uisce; iarracht snámha; preabadh croí nó cuisle; bualadh cloig (ar bhuille a haon); caill, dochar (is mór an buille orthu é)
buinneán, péacán; tuile mhear uisce, sconna
uaim nó siúnta a líonadh chun uisce a choinneáil amach
fás deilgneach a bhfuil gais agus craobhacha láidre air a stórálann uisce
an t-uisce agus an dramhaíl a bheireann camraí chun siúil leo
bealach uisce gearrtha sa talamh mar chúrsa taistil do bháid nó mar áis uiscithe don talamh ar gach taobh de
góilín uisce nó farraige, caolas
meall bog aráin, síol rois etc., déanta le huisce fiuchta agus leata ar mhuislín le cur ar neascóid nó ar chneá
árthach miotail chun uisce a bheiriú, a bhfuil píopa agus clár agus lámh air
folcadh faoi scaird uisce
cainéal uisce, díog; trinse idir dhá iomaire; gearradh domhain; poll (clais luatha); carn (clais éisc, airgid)
cuid d'abairt a bhfuil ainmní agus faisnéis dá chuid féin ann (mar shampla - cé go raibh an t-uisce fuar chuamar ag snámh - clásal atá sna focail sa chló iodálach); cuid ar leith de chonradh etc.
bolgán uisce a éiríonn ar an gcraiceann, spuaic