TORTHAÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
guais1, f. (gs. ~e, pl. ~eacha). 1. Danger, hazard. Bheith, dul, i n~, to be in, expose oneself to, danger. I n~ bháis, (do) bháite, do chinn, in danger of death, of drowning, of losing one’s head. Ar ghuais a anama, at the risk of his life. Duine, rud, a chur i n~, to jeopardize s.o., sth. ~ ar shoitheach i gceo, danger to a ship in a fog. Is iomaí ~ ina bhfuair sé a fhéachaint, he was tried in many dangers. A raibh de ghuaiseacha ina oirchill, all the dangers that lay in wait for him. As ~, out of danger. Comhartha ~e, danger signal. 2. Fear, dismay. ~ a ghabháil de rud, to become afraid of sth. Scéala a chuir ~ orthu, tidings that dismayed them. Is ~ liom (go), I fear (that).
guais2, f. (gs. ~e). Gouache.
ABAIRTÍ
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Ag aibhsiú na guaise, emphasizing the danger.
As pian, guais, out of pain, danger.
I gcontúirt, i nguais, bháis, in danger of death.
~ ceo, stoirme, guaise, fog-, storm-, danger-, signal.
~amh le duine i nguais, to stand by s.o. in danger.